Tá teach Alex Ferguson i Cheshire, a cheannaigh sé lena bhean chéile nach maireann, curtha ar an margadh ar £3.5 milliún, sé sin díreach os cionn €4 milliún.
Tuairiscítear gur bhog Ferguson, an bainisteoir a bhuaigh an Premier League 13 uair, isteach i dteach níos lú sa cheantar tar éis bás a bhean chéile Cathy i mí Dheireadh Fómhair, ag aois 84.
Chuaigh Ferguson ar scor tar éis dó an teideal a bhuachan le Manchester United in 2013.
Leis sin, tá an teach ar ais ar an margadh.
Is teach é le cúig sheomra leapa, a ceannaíodh in 2007 ar £2.3 milliún.
Tá an teach an-mhór. Tá staighre ‘gallery wraparound’ ann, le fuinneoga déthreocha agus spotsoilse sa halla isteach.
Tá colbha marmair (marble surround) ag an seomra suí le haghaidh tine gáis le éifeacht guail, doirse patio gloinithe dúbailte agus córas ‘surround speaker’.
Tá gné den chineál céanna tine gáis i seomra suí ar leith, agus tá an seomra bia agus an chistin feistithe go maith freisin ag Ferguson.
Tá giomnáisiam baile ann freisin ar urlár na talún, as a dtagann cithfholcadh en-suite.
Agus thuas staighre tá seomra cluichí agus beár le cairpéad breacán (tartan) chun cúlra Albanach Ferguson a aithint.
Tá cúig sheomra leapa sa teach, agus tá spás dochreidte sa phríomh-sheomra, a théann amach chuig balcóin Juliet a bhreathnaíonn síos ar an ghairdín cúil.
Tá vardrús ar féidir siúl isteach ann (walk-in wardrobe) agus seomra folctha en-suite sa seomra, agus tá seomraí folctha en-suite ag trí cinn de na ceithre sheomra leapa eile freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.