Laochra na hÉireann: Aaron Connolly agus Evan Ferguson ag tabhairt dóchas faoi na Euros

30/01/2023

Tá beirt laochra peile na hÉireann, Aaron Connolly agus Evan Ferguson, ag dul i bhfeidhm ar thráchtairí sacair Shasana, agus seans gurb iad na himreoirí a theastaíonn ó Éirinn san ionsaí. CLIC AR AN CAPTION THÍOS CHUN AN CHEAD CHÚL A FHEICEÁIL

aaronconnolly348
https://twitter.com/hull_goals/status/1619353823960784897

Tá lucht leanúna na hÉireann dóchasach arís agus réaltaí nua sacair ag taispeáint na rudaí is féidir leo a dhéanamh roimh ár gcéad chluiche mór idirnáisiúnta eile, in aghaidh na Fraince i mí an Mhárta.

Tá ardmholadh faighte ag Aaron Connolly as an dá chúl a fuair sé do Hull City in aghaidh Queens Park Rangers, i bua 3-0 i gCraobhchomórtas Peile Shasana (EFL Championship).

Agus sa Premier League tá Evan Ferguson i gceannas ar athbheochan Brighton. Beidh lucht leanúna Brighton ar súil nach raibh sé gortaithe ró-ghona sa chluiche in aghaidh Liverpool i gCorn an FA inniu.

fergusonandKenny8
Evan Ferguson agus Stephen Kenny

Tá Connolly ag streachailt le dhá shéasúr anuas. Chuaigh sé isteach i Hull le déanaí tar éis dó imirt d’fhoireann Iodálach atá sa Dara Roinn, Venezia, áit nár éirigh go maith leis.

Trí bliana ó shin bhí an lucht leanúna thar a bheith sásta leis nuair a d’imir sé do Brighton agus thosaigh sé le dhá chúl iontach in aghaidh Spurs. Agus tá an rud céanna déanta aige anois le Hull.

Beidh súil ag lucht leanta na hÉireann gurb é seo tús nua don pheileadóir iontach as Órán Mór i gContae na Gaillimhe do fhoireann Stephen Kenny. CLIC AR AN TWEET THÍOS CHUN AN DARA CHÚL A FHEICEÁIL

Agus d’fhéadfadh go mbeadh sé in aonach leis an laoch is mó na hÉireann is déanaí, Evan Ferguson, fear atá tráchtairí Sasanacha a rá gurb é an ‘sensation’ nua sa Premier League.

Tá trí chúl agus dhá ‘assists’ faighte aige cheana féin i sé chluiche sa Premier League. Agus le trí seachtaine anuas tá dóchas úr curtha ar fáil go bhféadfadh go bhfuil tosaí nua ag Éirinn a bheidh in ann cúl a scóráil.

Tá sé ráite ag Shay Given faoi: ‘Tuigim na contúirtí a bhaineann le a a bheith ag labhairt an iomarca faoi, ach ag an am céanna caithfidh tú labhairt faoi mar tá ag éirí go maith leis ag an leibhéal is airde.

Evan Ferguson of Brighton agaisnt Everton2
Evan Ferguson tar éis cúl a fháil do Brighton

‘Tugann sé dóchas do lucht leanúna na hÉireann go bhféadfadh sé a bheith mar an difríocht idir cáiliú agus gan a bheith cáilithe do na Euros, más féidir linn é a fháil ag lámhach agus ag scóráil d’Éirinn freisin.’

Agus chun cur le dóchas na hÉireann. Tá an déagóir Éireannach Mark O’Mahony as Cork City sínithe ag Brighton.

mark omahony
Mark O’Mahony Pic: Eóin Noonan/Sportsfile

Tá conradh ag an tosaí, atá 18 mbliana d’aois, go dtí Meitheamh 2025, agus rachaidh sé isteach sa taobh faoi-21 ar dtús.

Ainmníodh O’Mahony mar imreoir na bliana faoi-17 na hÉireann an blaiain seo caite agus rinne sé ionadaíocht ar a thír ag leibhéal faoi-18 agus faoi-19 freisin. Agus beidh sé le peileadóirí eile na hÉireann Ferguson, Andrew Moran agus James Furlong i Brighton.

Imreoidh Éire in aghaidh na Fraince, a bhí thar cionn i gCorn an Domhain, ar an 27 Márta, i Staid Aviva, don chéad chluiche don fheachtais cháilitheacha UEFA EURO 2024. Agus beidh an tallann ar féidir linn a fháil de dhíth orainn.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram