Hector faoi thuras ar fud na hAstráile agus na Nua-Shéalainne

Hector OZ/NZ: TG4, 30 Deireadh Fómhair, 9.30pm

Tá Hector ar a mbóthar arís – agus an am seo beidh sé faoi thuras éachtach ar fud na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ina shraith nua taistil ar TG4. 

Ag filleadh ar an Astráil dó tar éis sé bliana déag, cuirfidh Hector Ó hEochagáin tús lena thuras in Melbourne, ina bhfuil meascán den chultúr, agus buailfidh sé anseo leis an seanóir Bundúchasach (Aboriginal elder) Aunty Joy.   

Screenshot 2025 10 17 153444

Mar a dhéanann sé go hiondúil, seachnóidh Hector na háiteanna is mó a mbíonn tóir ag turasóirí orthu. 

Cuirfidh sé eolas ar cheantar Victoria ina dhiaidh sin, sula bhfaighidh sé síob ag eitilit le fear an phoist in iargúil na hAstráile go dtí baile Coober Pedy atá faoi thalamh. 

Tá sé meirbh agus tá neart dusta ann agus rachaidh sé an bealach ar fad go lár baile Alice Springs. 

Le Robbie Dolan i Brisbane
Le Robbie Dolan i Brisbane

Ina dhiaidh sin eitleoidh sé go Perth ag fáil amach an chúis a bhfuil tóir ag an oiread Éireannach ar Iarthar na hAstráile. San áit seo freisin cloisfidh Hector scéalta an-bhrónacha faoin nGlúin Ghoidte (Stolen Generation).

Leanfaidh sé lena chuid eachtraí san iargúil in North Queensland, áit ar gnáthchuid den saol faoi tuath iad stáisiúin eallaigh agus tinte cnámh. 

Rachaidh sé níos doimhne i mbaile mór mianadóireachta Mount Isa sula dtabharfaidh sé aghaidh ar an oirthear chun eolas a fháil ar chósta aitheanta Queensland.   

Ina dhiaidh sin beidh sé ag tabhairt a aghaidh anonn ar Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne, ag tosú in Auckland, áit a gcuirfidh Hector eolas ar chultúr Māori agus ar shaol nua-aimseartha na Nua-Shéalainne.

Gheobhaidh sé blaiseadh de shaol na tuaithe agus é ar an mbealach go Wellington; tabharfaidh sé cuairt ar fheirm cíobhaíonna (cheetah farm); rachaidh sé chuig féasta traidisiúnta agus buailfidh sé leis an ngníomhaí Tame Iti, príomhphearsa i ngluaiseacht agóide na Māori agus athbheochan na Māori. 

Hector le Tame Iti
Hector le Tame Iti

Nuair a fhágfaidh sé Wellington, trasnóidh sé Caolas Cook go dtí an tOileán Theas, agus tiocfaidh sé i dtír i gcroílár dhúiche Sauvignon Blanc.   

Ar an gCósta Thiar a bheidh Hector chun stíl mhaireachtála tharraingteach ‘mhuintir an Chósta Thiar’ a fhiosrú. Tabharfar trasna an oileáin é ar thuras traenach chuig a cheann scríbe, Christchurch, áit a n-aimseoidh sé cathair fiontraíochta atá ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí. 

Screenshot 2025 10 17 153409

Cuirfear críoch lena thuras san Astráil agus sa Nua-Shéalainn leis na radhairc ó héileacaptar tarrthála. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram