Ar shlí na fírinne: Manchán Magan, an fear a chuir focail inár n-anamacha

03/10/2025

D’fhág bás Manchán Magan, de bharr ailse ag aois an-óg 55, sinn gan treoir spioradálta dár dteanga

Bheadh tuiscint níos fearr ag Manchán Magan ar na focail seo ná aon duine eile.

‘Braithimid uainn thú.’

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Ní féidir leat é sin a rá i mBéarla.

Léiríonn sé an mothúchán a bhíonn againn nuair a chaillimid duine, nó fiú nuair a bhíonn duine i bhfad uainn; cé chomh gar agus a mhothaímid iad linn, agus iad imithe; cé chomh láidir is atá an mothúchán sin.

Thar an deireadh seachtaine seo tá ómós á thabhairt do Manchán Magan a léirigh dúinn cé chomh saibhir, álainn agus dána (uaireanta an-dána) is atá an teanga seo atá againn.

Dúirt Breandán Ó Beacháin gur mhúin muintir Shasana a teagna dúinn; agus gur mhúin muidne dóibh an chaoi is fearr  chun í a labhairt.

Manchán Magan
Manchán Magan

Mhúin Manchán dúinne an chaoi is fearr chun Gaeilge a thusicint.

Dúirt ár Uacharán Micheál D Ó hUigínn, ‘Ba mhór an chúis bhróin dom cloisteáil faoi bhás Mhancháin Magan, scríbhneoir agus craoltóir nach raibh a shárú le fáil.

Is deacair a shamhlú go bhféadfadh aon duine eile an méid céanna a bhaint amach ar bhealach chomh leathan agus chomh tarraingteach, le háilleacht, doimhneacht agus beocht na Gaeilge a thabhairt chuig oiread daoine.’
Thuig Manchán fíorbhrí na bhfocal agus an chaoi a raibh siad ceangailte le chéile agus bhí na scileanna aige é sin a thaispeáint dúinn.

 Ach b’fhéidir go raibh tuistcint nios fearr ag fo-eagarthóir san Irish Times ar a chaoli a théann an teanga i bhfeidhmorainn nuair a scríobh sé an ceannlíne ar léirmheas ar an leabhar, Thirty-Two Words for a Field:

Thirty-two words for field, 50 for penis. What the Irish language tells us about who we are

Labhair Manchán le Brendan O’Connor ar RTÉ Radio a hAon faoina ailse, agus cé chomh dona is a bhí sí, an mhí seo caite.

Bhí a bhás ag druidim linn agus anois tá sé imithe uainn ag aois an-óg 55.

Tá ár smaointe agus ár paidreacha, thar an deireadh seachtaine seo, lena bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus a thriúr deartháireacha agus deirfiúracha.

D’eisigh siad an scéal brónach faoina bhás de bharr ailse próstatach maidin Dé hAoine.

I measc na n-ómós bhí athchraoladh d’agallamh a rinne sé ar Tús Áite ar Raidió na Gaeltacht, agus thug  Fachtna Ó Drisceoil comhairle dúinn roimh ré. éisteacht le saibhreas na bhfocal.

Agus is é sin, go bunúsach, an rud a rinne Manchán Magan.

Léirigh sé dúinn cé chomh il-daite is atá an teanga a bheagnach d’fhágamar inár ndiaidh.

D’inis Thirty-Two Words for a Field 32 scéal difriúil dúinn fuainn féin agus na smaointe agus na háiteanna as a dtáinig muid.

Le linn a shlí bheatha, sular tháinig sé chun bheith ina ‘celeb’ chomh mór le Kneecap i measc phobal na Gaeilge, bhí aithne ar Mhanchán as a chláir faisnéise taistil, a léirigh sé cuid mhaith acu lena dheartháir, Ruan.

Fuair ​​sé moladh as a chlár faisnéise ‘No Béarla’, inar thaistil sé ar fud na tíre ag labhairt Ghaeilge amháin.

Bhí gairm bheatha ag Manchán mar cholúnaí nuachtáin freisin agus tá cáil ar a chuid leabhar, ar ndóigh.

An mhí seo caite amháin, labhair sé faoina ghalar, a bhí scaipthe chuig orgáin iolracha, le linn agallaimh le Brendan O’Connor.

Dúirt sé le Brendan: ‘Dá mbeadh clár oibre (agenda) agam, bheadh sé faoi na rudaí a nascann sinn leis an spiorad. Agus ceapaim go bhfuil oidhreacht gach chultúir thraidisiúnta faoi na rudaí a nascann iad mar threibh, ach freisin faoi na rudaí a nascann iad leis an dúlra.

‘Agus ansin cá dtéann tú ón dúlra go dtí an spiorad? Is é an meascán sin in aon chultúr ar fud an domhain. Is é an spiorad an bunús. Táimid sa dúlra, agus ansin táimid mar dhaoine sa dúlra agus ceangailte leis.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram