Uisce Éireann ag cur cosc ar phíobán garraí (garden hoses)

28/07/2025

Deir Uisce Éireann go bhfuil thart ar 50 soláthar uisce ar fud na tíre faoi stádas triomaigh (drought) mar sin tá cosc ar phíobán garraí (garden hoses)

Tá Uisce Éireann tar éis cosc a chur ar úsáid píobáin garraí (garden hoses) i gceithre chontae – Port Láirge, Tiobraid Árann, Loch Garman agus Corcaigh (ach gan cathair Chorcaí san áireamh) – a thosaigh Dé Sathairn seo caite agus mairfidh sé go dtí an 16 Meán Fómhair.

Tá an t-ordú coigilt uisce seo tagtha leis na trí ordú eile atá i bhfeidhm cheana féin i Mullach Gearr (Mullingar) i gContae na hIarmhí, i mBaile na nGallóglach (Milford) i nDún na nGall, agus i Kells-Oldcastle i gContae na Mí.

Kathryn Thomas ag tabhairt tacaíocht d'fheachtas Uisce Éireann
Kathryn Thomas ag tabhairt tacaíocht d’fheachtas Uisce Éireann

Tá an comhlacht ag spreagadh an phobail chun uisce a úsáid go ciallmhar ó thús na míosa seo.

Ag seoladh an fheachtais, a bhfuil tacaíocht an chraoltóra Kathryn Thomas aige, dúirt urlabhraí don chomhlacht uisce: ‘Ní gá go mbeadh sé deacair uisce a shábháil.’

Deir Uisce Éireann go bhfuil thart ar 50 soláthar uisce ar fud na tíre faoi stádas triomaigh (drought) faoi láthair.

Cuireann an t-ordú cosc ar úsáid píobán garraí agus ar aon úsáid eile nach bhfuil riachtanach, do dhaoine i dtithe príobháideacha agus i ngnólachtaí tráchtála araon.

carwash

Dar le hUisce Éireann, tá leibhéil aibhneacha agus foinsí uisce ag leibhéal íseal stairiúil tar éis an fhómhair, an gheimhridh agus an earraigh a bheith tirime ná mar is gnách.

Le cúpla seachtain anuas, tá Uisce Éireann tar éis níos mó oibre a dhéanamh ar shocrú sceite, uisce a iompar i dtancaeir go dtí taiscumair (reservoir), agus bainistíocht brú a chur i bhfeidhm.

Tá siad ag cur feachtais ar bun freisin chun feasacht phoiblí ar choigilt uisce a spreagadh.

Dúirt Mairéad Conlon, bainisteoir straitéise sócmhainní le hUisce Éireann: ‘Is í an phríomhthosaíocht atá againn ná soláthar uisce sábháilte a chosaint do thithe, gnólachtaí agus seirbhísí riachtanacha.

‘Bhí na 12 mhí seo caite níos tirime ná an meán fhadtéarma. Cé gur tháinig báisteach le déanaí, tógfaidh sé i bhfad níos mó ama go dtiocfaidh na leibhéil ar ais i gceart.’

Luaigh sí freisin go n-úsáideann píobán garraí, má bhíonn sé in úsáid ar feadh uair an chloig, an méid céanna uisce agus a úsáideann gnáth-theaghlach in aon lá amháin.

Water

Chuir sí leis: ’Táimid in Uisce Éireann ag impí ar gach duine a gcuid féin a dhéanamh – uisce a choigilt agus sceite a thuairisciú – chun an brú ar ár soláthar uisce a laghdú.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram