Ná stop a gcapaillíní ar na bóithre: Straith nua ar TG4

Sraith nua TG4 faoin na póraitheoirí, marcaigh, ceannaitheoirí agus díoltóirí atá ag déanamh obair na gcapailíní gach lá

Fiú roimh an tsraith Capaillíní bhí TG4 aitheanta go maith as sár-obair a dhéanamh. A bhuíochas le Cine4, tá scannáin iontacha againn ar nós Rosie & Frank, Foscadh agus, ar ndóigh, An Cailín Ciúin.

Agus is cinnte gur chaith siad súil eile thart nuair a chuir siad cláir fhaisnéise ar fáil. Le déanaí, bhí sraitheanna againn ar nós Pobal Ráth Chairn agus cláir ar nós Nashville, Seo Muid ag Teacht!

Ach anois, tá siad ag déanamh obair na gcapall, mar a deirtear.

Capaillíní le Finola Nic an Iomaire
Capaillíní le Finola Nic an Iomaire

Is sraith í Capaillíní a thosóidh go luath agus a insíonn scéalta iontacha capaillín Chonamara.

Níl mórán eolas, ag formhór againn, ar chapaillín Chonamara, ach iad a fheiceáil ar chártaí poist ó am atá thart.

Mar sin féin, insíonn an clár faisnéise seo scéal eile.

Buaileann muid leis na daoine paiseanta a oibríonn le capaillíní Chonamara; agus tá scéal ann, ní hamháin faoi na capaill, ach faoi dhaoine atá fós mar chuid dár sochaí agus atá ag dul faoina ngnó ar bhealach traidisiúnta, faoi thionchar ach gan a bheith stoptha ag athruithe na sochaí nua-aimseartha.

Go traidisiúnta, ba ar na cnoic, ar an gcriathrach agus sa gcladach a mhair capaillín Chonamara. Bhí teaghlaigh Chonamara ag brath go mór ar feadh na gcianta ar an gcapaillín oibre seo. 

Sna ceithre chlár seo, labhróidh an fhoireann le póraitheoirí, marcaigh, ceannaitheoirí agus díoltóirí chun an cháil agus an tóir atá ar an gcapaillín seo a mheas agus pléifear todhchaí an chapaillín dhúchasaigh speisialta.

Sa gcéad chlár, casfaidh siad le Máirtín Ó Neachtain as Ros Muc, atá ag coinneáil Capaillíní Chonamara le fada an lá, atá ag fáil réidh do shéasúr eile seónna.

Míneoidh Peter Ó Máille ó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara an próiseas a bhaineann le cigireacht a dhéanamh ar capaillíní.

Beidh Daragh Ó Tuairisg, Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ina theannta.  Beidh siad ag labhairt le Gearóid agus Patrick Devane, a bhfuil tuairimí láidre acu faoin gcaoi le Capaillín Chonamara a chosaint.

Sa dara clár, beidh Máirtín Ó Neachtain ag Seó Chor an Dola le Glencorrib Missy. Tráchtfaidh eagraí an tseó, Lucille Smyth, ar an tábhacht a bhaineann leis an seó tuaithe i sochaí na hÉireann. I gCois Fharraige, caithfidh siad seal in éineacht le Róisín Ní Ghionnáin.

Tá sí ag réiteach a staile bromaigh, Old Stone Tucker, do sheó Chloch na Rón. Cuirfidh Finola Nic an Iomaire as Conamara ó dhúchas, a láir ceithre-bliana Eloise, in aithne dúinn.

Tá a marcaí óg Aoife Brennan gnóthach ag fáil Eloise réidh do Sheó Chumann Póraitheoirí Capaillíní Chonamara Lár Tíre sa Mhuileann gCearr.

Daragh Ó Tuairisg
Daragh Ó Tuairisg

Sá tríú clár beidh Finola Nic an Iomaire agus marcaí Aoife Brennan leis a chapall Knocmena Louise ag Seó Chumann Póraitheoirí Capaillíní Chonamara Lár Tíre.

Sa gClochán, tá rúnaí Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara, Áine Uí Fhoghlua, ag fáil réidh don tseachtain is gnóthaí den bhliain – Seó an Chlocháin. 

Ar an Trá Bháin, tá Muintir Uí Ráinne ag fáil na staile réidh don chomórtas.

Tá Luimníoch Séan Ó Conaire tagtha le bheith páirteach agus an duais mhór a thabhairt leis. Caitheann Máirtín Ó Neachtain aghaidh a thabhairt ar an mbáisteach le Glencorrib Missy.

De bharr go bhfuil an aimsir go dona agus ag cur isteach go mór ar an seó, bíonn ar  Dharagh Ó Tuairisg, cinneadh a dhéanamh.

Sa gceathrú clár, casfaidh siad le Mike Frank Ó Confhaola a bhfuil cairrín pónaí aige.

Ansin, casfaidh siad le Colm Sullivan agus a nia Colm McCauley ar a bhfeirm sa Léim, áit ar mhair an pónaí cáiliúil ‘Cannonball’.

Ag díolacháin an Chlocháin, gheobhaidh siad amach faoi phraghsanna agus faoin éileamh a bhíonn ar an gcapaillín.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram