Feachtas ag an IFA chun stop a chur le hionsaithe fíochmhara ar ainmhithe feirme

31/03/2025

Tá athruithe molta ag tuarascáil an Ghrúpa Oibre um Rialú Madraí chun ainmhithe feirme leochaileacha a chosaint ó mhadraí tí, a deir an IFA ach níor tharla faic. Mar sin anois tá a bhfeachtas féin acu

Tar éis feactasaíocht ón IFA, Tá fógraí le feiceáil sna meáin le déanaí ag tabhairt foláireamh d’úinéirí madraí faoina gcuid freagrachtaí, agus dhírigh cuid do na fógraí ar an mbagairt d’ainmhithe feirme – ach ní leor é sin a deir na feirmeoirí.

Sheol Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) feachtas le déanaí chun Teachtaí Dála agus comhairleoirí a chur ar an eolas faoin mbagairt atá ag madraí tí dá n-ainmhithe feirme.

Dúirt Cathaoirleach Caorach an IFA, Adrian Gallagher, gur ‘céim sa treo ceart’ a bhí i rialacháin níos láidre a fógraíodh i mí na Samhna seo caite, ach nach dtéann siad fada go leor
Dúirt Cathaoirleach Caorach an IFA, Adrian Gallagher, gur ‘céim sa treo ceart’ a bhí i rialacháin níos láidre a fógraíodh i mí na Samhna seo caite, ach nach dtéann siad fada go leor

Tá siad ag iarraidh tuilleadh gníomhaíochta, go háirithe tar éis moltaí ón nGrúpa Páirtithe Leasmhara um Rialú Madraí (Dog Control Stakeholder Group), a bunaíodh breis agus bliain ó shin.

Áiríonn an grúpa ionadaithe ó phríomh-ranna Rialtais agus ó lucht leasa, agus déanann sé moltaí chun na fadhbanna a chruthaíonn madraí a réiteach.

Tá moltaí déanta ag an ngrúpa ach níor gníomhaíodh ina leith, de réir feirmeoirí agus mar sin tá a fheachtas féin, ‘No Dogs Allowed’, á athsheoladh ag an IFA.

Dúirt uachtarán an IFA, Francie Gorman, gur sheol an cumann an feachtas den chéad uair in 2021 agus d’ainneoin achomhairc leanúnacha ach tá na fadhbanna fós ann.

Dúirt an IFA gur mhol tuarascáil an Ghrúpa Oibre um Rialú Madraí acmhainní méadaithe agus go bhfuil sé sin ríthábhachtach.

Moltar sa tuarascáil gur cheart go mbeadh ar na húinéirí fíneálacha suntasacha ar an láthair a íoc.

Dúradh sa tuarascáil freisin gur cheart go mbeadh cumhachtaí níos láidre ag maoir madraí agus ag na gardaí, agus go bhfuil úinéir madra faoi dhliteanas i leith damáistí a bhaineann le hionsaí ar ainmhithe feirme.

De réir mar a leanann an bhagairt d’ainmhithe feirme ar aghaidh, tá a liosta tograí féin ag an IFA chun dul i ngleic leis an bhfadhb, agus tá siad lárnach san fheachtas is déanaí. Áirítear leo:

• Bunachar sonraí le haghaidh madraí le faisnéis faoi cheadúnú agus micrishliseadh (microchipping) ionas gur féidir úinéir an mhadra a aithint go héasca;

• Forfheidhmiú (enforcement) na n-oibleagáidí maidir le micrishliseadh agus ceadúnú úinéirí do gach madra;

• Cumhachtaí forfheidhmithe níos láidre do mhaoir madraí agus do na gardaí, agus níos mó soiléire ar na cumhachtaí sin;

• Fíneálacha méadaithe ar an láthair maidir le dualgais i leith micrishliseadh agus ceadúnú a chomhlíonadh;

• Smachtbhannaí méadaithe agus fíneálacha ar an láthair mar gheall madraí a bheith faoi smacht;

• Fíneálacha suntasacha ar an láthair do mhadraí a fuarthas ag ionsaí ainmhithe feirme;

Dúirt an tUasal Gorman: ‘Tá sé in am beart cinntitheach a dhéanamh chun ár mbeostoc a chosaint.

‘Tá muid ag éileamh rialacháin níos láidre agus forfheidhmiú níos déine dóibh siúd a thugann neamhaird ar shábháilteacht agus ar fholláine ár mbeostoic.’

Francie IFA feat
Dúirt Francie Gorman: ‘Tá sé in am beart cinntitheach a dhéanamh chun ár mbeostoc a chosaint’

Dúirt Cathaoirleach Caorach an IFA, Adrian Gallagher, gur ‘céim sa treo ceart’ a bhí i rialacháin níos láidre a fógraíodh i mí na Samhna seo caite, ach nach dtéann siad fada go leor chun beostoc a chosaint ó ionsaithe madraí.

‘Tá sé do-ghlactha nár gníomhaíodh ar na moltaí praiticiúla seo,’ a dúirt an tUasal Gallagher.

‘Tá sé ríthábhachtach go mbeadh reachtaíocht agus smachtbhannaí níos láidre i bhfeidhm, a léiríonn an damáiste agus an tráma a dhéanann na madraí seo ar fheirmeacha.

‘Ní mór rialacháin níos láidre agus smachtbhannaí méadaithe a chur i bhfeidhm lena chinntiú go dtuigeann úinéirí madraí a gcuid freagrachtaí.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram