Deir Duncan Stewart go bhfuil eagraíochtaí feirme in Éirinn ag cur le bochtaineacht na bhfeirmeacha beaga trí dhul i gcoinne polasaí ar son athrú aeráid (climate change).
Dúirt iar-láithreoir Eco Eye ar RTÉ go bhfuil neamhaird á dhéanamh ag an Rialtas ar scéimeanna glasa a d’fhéadfadh feirmeoirí a fhágáil níos fearr as, mar ‘níl aon duine ag iarraidh dul in aghaidh an IFA (Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann)’ agus grúpaí eile.
Tagann sé so tar éis éirigh as a phost ag iar-oifigeach feachtais (former campaign officer) Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann (Irish Wildlife Trust, IWT), Pádraic Fogarty, tar éis don IWT blag (blog) conspóideach a bhí scríofa aige ar a shuíomh idirlín a athrú.
Sa bhlag, raibh a aribhsé aithraithe, dúirt Fogarty go raibh eagraíochtaí feirme Éireannacha ‘lurching to the far right’ agus iad ag úsáid tactics ‘misinformation’ agus ‘scaremongering’.
Chuir sé iad i gcomparáid leis an DUP as seasamh crua “No” a ghlacadh ar bheagnach gach polasaí a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí aeráide agus bithéagsúlachta’.
Dúirt Stewart go faoi na tagairtí polaitiúla sa bhlag, ar a dtug an IFA ‘divisive’ orthu, ‘b’fhéidir nach bhfuil siad go hiomlán ceart, ach tá siad an-ghar dó’.
Dúirt sé leis an Irish Mail on Sunday go bhfuil ‘coimhlint leasa an-soiléir’ ag eagraíochtaí feirme na hÉireann atá ‘an-chumhachtach’.
Dúirt sé: ‘Tá siad ag iarraidh líon na mbó in Éirinn a chosaint. Tá siad ceaptha a bheith ag déanamh ionadaíochta ar na feirmeoirí beaga sin agus tá siad ag ligean orthu go bhfuil siad, ach is a mhalairt á dhéanamh acu go bunúsach.
‘Tá siad ag iarraidh iad a choinneáil ag imeacht le heallach (cattle).’
Luaigh Stewart an Suirbhé Feirme Náisiúnta is déanaí de chuid Teagasc (Teagasc National Farm Survey), a fuair amach go bhfuil ioncam lasmuigh den fheirm ag 80% de theaghlaigh feirme freisin.
Dúirt sé go bhfuil an oiread sin feirmeoirí ag brath ar fhóirdheontais (subsidies) ina chruthúnas nach bhfuil an córas reatha ag obair dóibh.
‘D’fhéadfaí praghas ráthaithe (guaranteed price) in aghaidh an tonna féir a thabhairt do na feirmeoirí sin le dul chuig gléasra bithgháis (stáisiún biogais) áitiúil chun fuinneamh a tháirgeadh le haghaidh iompair.
‘Tá sé sin inmharthana (viable), ach níl aon dreasacht (incentive)ann chun é a dhéanamh.’
Dúirt an tUasal Stewart go dtugann sé cuairt ar mhargaí (marts) go minic agus go bhfuil imní air faoi fheirmeoirí beaga, ‘nach iad is cúis’ imní comhshaoil (environmental concerns) faoin talmhaíocht.
‘Leanann feirmeoirí na polasaithe, go háirithe na feirmeoirí beaga. Tá níos mó rogha ag na cinn mhóra, agus is iad na cinn atá glórach agus is iad na cinn a théann i bhfeidhm ar an IFA agus an ICMSA [Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann].
Thagair Stewart do thaighde Oxfam a mheasann go dtáirgeann (produce) an 1% is saibhre ar domhan dhá oiread astuithe (emissions) an 50% is boichte ar fad.
‘Is cinnte go gcaithfimid díriú ar na daoine sin a fhágfar ina ndiaidh agus sin atá i gceist le ceartas aeráide (climate justice) a dhéanamh,’ a dúirt sé.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.