Maoiniú Fhoras na Gaeilge: Agóidí ó thuaidh agus ó dheas

Níl tionscadail d’Fhoras na Gaeilge á maoiniú go fóill agus níor tháinig aon infheistíocht nua ó na rialtais

Beidh agóid faoi infheistíocht d’Fhoras na Gaeilgeag ag Cnoc an Anfa (Stormont) Dé Máirt, 25 Márta, chun brú a chur ar na rialtais, ó thuaidh agus ó dheas,  ach go háirithe an DUP, réiteach fadtéarmach a shocrú do mhaoiniú Gaeilge. 

Tá an agóid seo ag titim amach mar chuid den chéad ghníomh náisiúnta eile san fheachtas RAIC (Réiteach Anois. Infheistíocht Chothrom).

Roimhe seo, ar 26 Feabhra 2025, chuaigh breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta ar stailc mhaidine i gcoinne na gciorruithe seo. 

Beidh agóid eile ag Cnoc an Anfa (Stormont) Dé Máirt mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge
Beidh agóid eile ag Cnoc an Anfa (Stormont) Dé Máirt mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge

Tá na hagóidí mar thoradh ar chiorruithe maoinithe ar luach €817,945 a d’fhógair Foras na Gaeilge 31 Eanáir 2025.

Tá na ciorruithe ag tarlú mar go bhfuil an DUP ag stopadh agus ag cur moill ar infheistíocht i dtionscadail Ghaeilge ó thuaidh agus ó theas den teorainn.

Tháinig sé chun solais ar na mallaibh go raibh cros curtha ag an DUP roimh mholadh chun creatlach mhaoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú ar a laghad sé huaire ó bhí 15 Deireadh Fómhair 2024 ann.

Mar sin is gá go mbeidh comhaontú ann ó na Rialtais thuaidh agus theas chun struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú.

Tá an chreatlach nua maoinithe thuaidh theas aontaithe idir an bheirt Airí Airgeadais, de réir meamram cumarsáide ón Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas 13 Meán Fómhair 2024. 

Sa chás nach féidir an creatlach mhaoinithe sin a leasú, tá na grúpaí ag éileamh ar Rialtas na hÉireann an maoiniú sin a chur ar fáil bealach éigin eile mar ábhar práinne.

I measc éilimh an fheachtais, tá na grúpaí ar lorg:

  • Go nglacfaidh an dá Rialtas leis an múnla nua maoinithe molta ag an dá Roinn Airgeadais agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (Meán Fómhair 2024) láithreach bonn agus is gá don mhúnla nua seo a dhóthain croí-mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe Fhoras na Gaeilge;
  • Gealltannas ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh aisiompú ar an €820,000 do dheontaithe mar chéad tosaíocht in aon mhaoiniú breise a fhaightear ó na Rialtais;
  • Ar a laghad €20m sa bhreis a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge faoi mar atá luaite sa Phlean Fáis, plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht aontaithe idir 130 grúpa, agus;
  • Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go maoineofar na tionscadail / deontaithe luaite sa Plean Fáis mar thosaíocht d’aon mhaoiniú sa bhreis faighte ón dá Rialtas nó aon Rialtas amháin.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram