Ar smaoinigh tú riamh gur mhaith leat podchraoladh (podcast) a dhéanamh ach nach raibh a fhios agat cár cheart tosú?
An dóigh leat go bhfuil scéal agat le hinsint? An dtaitníonn sé leat a bheith ag comhrá le daoine eile faoi ábhair spéisiula trí Ghaeilge?
Beidh Raidió na Life ag reáchtáil sraith de cheardlanna i léiriúchán podchraoltaí le linn mhí an Mheithimh, ag tabhairt deis d’eagrais Ghaeilge, grúpaí pobail Gaeilge, ciorcail chomhrá Gaeilge, agus daoine ón bpobal i gcoitinne foghlaim conas podchraoladh dá gcuid féin a chur le chéile.
Díreoidh na ceardlanna ar conas podchraoladh a thosú, ón mbunsmaoineamh go dtí an próiseas taifeadta agus eagarthóireachta, agus conas é a chur ar fáil ar líne ar na hardáin ábhartha.
Beidh deis ag rannpháirtithe cleachtadh a fháil ar theicnící micreafóin agus scileanna agallóireachta agus iad ag baint úsáid as trealamh taifeadta proifisiúnta ardchaighdeáin.
Beidh na ceardlanna saor in aisce agus moltar do ghrúpaí agus do dhaoine a n-áiteanna a chur in áirithe go tapa.
Reáchtálfar na ceardlanna le linn mí an Mheithimh i Raidió na Life, in Áras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath 1.
Le tuilleadh eolais a fháil agus le spás ar cheardlann a chur in áirithe, seol r-phost chuig judy.meg@raidionalife.ie.
Fuair Raidió na Life tacaíocht ó Choimisiún na Meán trí scéim Fuaim agus Fís agus ó Fhoras na Gaeilge chun na ceardlanna seo a chur ar fáil saor in aisce.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le hOifigeach Forbartha & Oiliúna Raidió na Life, Judy-Meg Ní Chinnéide ag judy.meg@raidionalife.ie.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.