Pobal Ráth Chairn: Sraith speisialta ar TG4 faoin Ghaeltacht atá 90 bliain d’aois i mbliana, agus í 55km ó Bhaile Átha Cliath

Sraith TG4 ag insint scéalta na ndaoine atá ina gcónaí i Ráth Chairn, an Ghaeltacht atá 90 bliain d’aois ar imeall chathair Bhaile Átha Cliath, ag tosú Déardaoin 20 Márta ag 8pm

I nGleann na Bóinne, idir Baile Átha Troim agus Baile Átha Buí i gContae na Mí, a mhaireann Pobal Ráth Chairn.

Bunaíodh an Ghaeltacht seo i 1935 nuair a d’aistrigh daoine as Conamara soir ann agus iad ag cuardach saol níos fear dóibh féin.

Pobal láidir, neamhspleách de dhaoine cumasacha, cruthaitheacha agus fáilteacha é seo.

Tabharfar léargas sa tsraith seo ar na spéiseanna agus ar na buanna atá ag an bpobal áitiúil seo, ar na dúshláin a bhíonn le sárú acu agus ar an dul chun cinn atá déanta acu agus iad ag maireachtáil ar scáth a chéile.

Breda Uí Dhonncha i Ráth Chairn
Breda Uí Dhonncha i Ráth Chairn


Sa chéad chlár, déanfaidh an feirmeoir Máirtín Ó Méalóid cur síos ar an gcaoi ar bunaíodh Ráth Chairn 90 bliain ó shin.

Casfaidh muid le hAnna Ní Dhonnchú a bhfuil gnó fíodóireachta ‘Bréidín na Bóinne’ aici. Taispeánfaidh bainisteoir An Club , Tadhg Ó Cróinín, an sean-teach atá le cóiriú aige dúinn.

Buailfidh muid isteach ag Éamonn agus Ciarán Mac Donncha atá i mbun ceoil sa mbaile, agus casfaidh muid le Brídóg Ní Chonaire i siopa an phobail atá á athchóiriú ag an gComharchumann. Tá Meitheal Fhéile na Gealaí gnóthach ag réiteach d’fhéile is mó na bliana.

 Féile na Gealaí
Féile na Gealaí

Sa dara clár, feicfimid gurbh fhiú an obair go léir nuair a éiríonn thar barr le Féile na Gealaí. Gheobhaidh muid léargas ar chúrsaí iomána sa cheantar ó Chiarán Mac Donncha agus a Dhaideo, Máirtín.

Buailfidh muid isteach chuig gnó fiaclóireachta Dheirdre Ní Dhonnchadha i mBaile Átha Buí. Tá deireadh ré i Ráth Chairn mar go bhfuil duine de na mná tí, Máiréad Mhic Dhonncha, ag dul ar scor tar éis 40 bliain.

Tabharfar blaiseadh dúinn den saol sóisialta ag seisiún ceoil le hÁine Ní Chróinín agus Éamon Óg Ó Donnchadha.

Sa tríú clár, tá glúin óg d’imreoirí CLG á dtraenáil ag an imreoir contae Éamon Óg Ó Donnchadha. Tá an siopa oscailte arís agus filleann Áine Ní Chróinín ar an múinteoireacht.

Buailfidh muid isteach chuig gnó fiaclóireachta Dheirdre Ní Dhonnchadha i mBaile Átha Buí
Buailfidh muid isteach chuig gnó fiaclóireachta Dheirdre Ní Dhonnchadha i mBaile Átha Buí

Taispeánfaidh Páraic Ó Gríofa an obair a bhíonn ar bun ag Turmec dúinn, comhlacht atá ceannródaíoch i gcúrsaí bainistithe bruscair agus innill athchúrsála.

Tá ceird na caoladóireachta á caomhnú ag Diarmaid Ó hAlmhain agus tá oidhreacht Ráth Chairn á múineadh i gColáiste Pobail Ráth Chairn ag Micheál Ó Súilleabháin.

Tá an amhránaíocht ar an sean-nós ag dul ó neart go neart, a bhuí le ranganna oíche Mháiréad Ní Cheallaigh.

Sa chlár deireanach, nochtfaidh an Coiste Oidhreachta áitiúil na pleananna atá acu chun stair na háite a chaomhnú.

Tá crainn darach á gcur ag Máirtín Ó Méalóid don chéad ghlúin eile.

rath chairn 3

Tabharfaidh an tAbhcóide Dáithí Mac Cárthaigh léargas dúinn ar na deiseanna oibre atá ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i Ráth Chairn, agus é ag tabhairt a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath dá chuid oibre.

Feicfimid na daoine, idir óg is aosta, go tréan ag Oireachtas na Samhna.

Fágfaimid slán leo ag Féile na Mí, féile a dhéanann ceiliúradh ar an oidhreacht láidir atá sa cheantar.

Pobal Ráth Chairn, ag tosú Déardaoin 20 Márta ag 8pm ar TG4.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram