

Bhí dhá bhua mhóra ag TG4 ag na gradaim RTS, siad sin CRÁ (Fibin Media & Zoogon Ltd) agus Rugbaí Beo, Mumha v Laighin ‘Interpro’ na Nollag (Iris Productions), agus bhí naoi n-ainmniúchán faighte acu, agus tá an chuid is mó acu ar fáil anois ar Seinnteoir TG4.
Fógraíodh na buaiteoirí ag searmanas mór le rá Déardaoin sa Guinness Storehouse ach seo cuid de na cláracha a ainmníodh, le naisc chun breathnú orthu ar líne.

CRÁ (Fibin Media & Zoogon Ltd)
Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh sa bhfiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás.
Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú agus tugann Conall faoi deara go bhfuil Ciara-Kate in ann eolas a fháil ó dhaoine nach bhfuil sásta labhairt leis na Gardaí.
Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Tá aistear gruama i ndán don bheirt acu ach an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire?
Nasc: https://nasc.tg4.tv/CRÁ

Naíonra (Tyrone Productions)
Léargas ar shaol páistí sa naíonra. Leanfar an saol in dhá naíonra thar tréimhse bliana, naíonra amháin i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i Mala, i gCorcaigh.
Go minic ní bhíonn focal Gaeilge ag na páistí seo nuair a thosaíonn siad sa naíonra agus feicfear iad ag foghlaim an dara teanga. Is blianta tábhachtacha iad seo i saol an duine ina bhfoghlaimítear scileanna tuisceana, cumarsáide agus cairdis.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Naíonra

Idir Dhá Bhaile: Ó Chív go Corcaigh (Below the Radar)
Léargas ar na dúshláin a chaitheann teaghlach amháin as an Úcráin a shárú agus iad ag cur fúthu in Éirinn. Déantar cur síos ar an aistear corraitheach a bhí acu ó Chív go Corcaigh agus tugtar léargas ar an éiginnteacht a bhíonn i ndán do theifigh agus iad ag éalú ó chogadh ina dtír dúcháis. Tá an saol saothraithe go maith ag an teaghlach seo de dheasca an chogaidh agus iad idir dhá thine Bealtaine.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Idir_Dhá_Bhaile

Téacs Taistil (Macalla Teoranta)
Sraith taistil a thabharfaidh an lucht féachana go ceann scríbe ar leith gach seachtain. Tá an triúr ar ais – Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin and Proinsias Ó Coinn. Is sraith spraíúil é seo ina dtabharfaidh na cairde faoi dhúshláin agus eachtraí nua le cúnamh a lucht leanta ar na meáin shóisialta agus Google ar ndóigh.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Téacs-Taistil-2

CUMASC: Seisiúin sa Black Gate (Black Gate Productions)
An dara sraith le 12 chlár ina dtugtar oirfidigh as Éirinn agus ó thar lear le chéile chun tabhairt faoi chomhar agus faoi chumasc ceoil. Casfar píosa nua ceoil ag deireadh gach cláir.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Cumasc-2

Lí Ban (Paper Owl Films)
Céard a tharla do Lí Ban gur iompaíodh isteach ina maighdean mhara í agus gur iompaíodh a madra Con isteach ina mhadra uisce? Téann Lí Ban agus Con ag eachtraíocht faoi uisce trí dhomhan na bhfinscéalta Ceilteacha. Casfar déithe, ollphéisteanna, fathaigh agus caimiléirí orthu agus iad ag iarraidh fáil amach faoin méid a tharla dóibh. Cé a scrios an baile orthu? Cé hí Lí Ban i ndáiríre? Insítear finscéalta faoi áiteanna atá (beagnach) ligthe i ndearmad.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Lí-Ban.
Spóirt Bheo (urraithe ag TVM)
Aer Lingus Classic Football Championship (Iris Productions)
GAA BEO (Nemeton TV)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.