

Bhris na céadta conarthaí tógála don OPW, arbh fhiú níos mó ná €50 milliún iad, na rialacha soláthair a chinntíonn go n-úsáidtear airgead na gcáiníocóirí go héifeachtach.
Tháinig an scéala seo amach tar éis nochtadh le déanaí faoi chostas balla, bothán rothar don Dáil agus bothán slándála.
Tháinig an t-eolas is déanaí i ndiaidh don TD neamhspleách Carol Nolan ceisteanna a chur; agus anois tá sé ráite aici go gcaithfear imscrúdú iomlán a dhéanamh ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus ar a conarthaí.
Agus d’éiligh sí beart óna comhghleacaí sa ghrúpa Teachtaí Dála Neamhspleácha Réigiúnacha, an tAire Kevin ‘Boxer’ Moran.

I measc na gconspóidí atá ar eolas againn cheana féin tá:
• €336,000 caite ar bhothán rothar na Dála;
• €1.4 milliún le haghaidh bothán slándála ag bealach isteach chuig Tithe an Rialtais;
• Agus an €490,000 a caitheadh ar bhalla 70 méadar lasmuigh de cheanncheathrú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).
Agus léiríonn na figiúirí is déanaí faoin OPW, a cuireadh ar fáil do Nolan: sna seacht mbliana idir 2017 agus 2023 gur bhris 387 conradh, ar luach €50,875,478 iad, na rialacha.
Bhí luach níos mó ná €500,000 ar chúig cinn déag de na conarthaí a sháraigh na rialacha. Áirítear leo:
• Seirbhísí Cothabhála Réadmhaoine (Property Maintenance Services), a chosain €1.9 milliún sa deireadh i 2020:
• Conradh €1.2 milliún chun bloc cillíní nua a thógáil i Stáisiún na nGardaí i Longfoirt.
• Conradh de €926,250 le haghaidh ‘oibreacha dín’ ag foirgneamh na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara i gCloich na Coillte (Clonakilty), Co. Chorcaí, i 2022;
• Conradh €877,258 le haghaidh oibreacha ar Stáisiún na nGardaí i Sligeach i 2021;
• €557,940 caite ar obair i stáisiún na nGardaí ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath i 2023.
Dúirt Nolan go léiríonn na figiúirí faoin OPW an gá atá ann le hathbhreithniú láithreach bonn ar an ngníomhaireacht Stáit, an bainistiú a dhéanann sé ar chistí cáiníocóirí agus an láimhseáil a dhéanann sé ar chonarthaí tógála poiblí.
Dúirt an TD as Laoise-Uíbh Fhailí: ‘Caithfidh [Kevin] Boxer Moran na lámhainní a bhaint de agus greim daingean a fháil ar an gcleachtas uafásach seo.’
Ag trácht dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Moran: ‘Is é an tosaíocht atá agam in oifig ná branda an OPW a atógáil.

‘Tá mé ag brú go láidir ar athchóiriú agus go dtí seo creidim go bhfuil mé ag brú doras oscailte.’
Dúirt an OPW: ‘Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí a dícheall cloí leis an gcreat um sholáthar poiblí, ach mar atá i gcás gach comhlachta phoiblí, d’fhéadfadh imthosca a bheith ann nuair nach mbíonn an soláthar ag teacht go hiomlán leis na treoirlínte soláthair.’
Ach dúirt siad: ‘Admhaíonn an OPW an próiseas soláthair sin’. Ba cheart iad a neartú agus tá tús áite á thabhairt aige do rolladh amach na hoiliúna speisialaithe soláthair don fhoireann ar fad i 2025 chun leibhéil chomhlíonta a fheabhsú ar fud na heagraíochta.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.