Ros na Rún agus an ‘influencer uaillmhianach’! Labhraíonn an t-aisteoir Laura Heeney le Raidió na Life faoina ról. Éist le clip anseo

21/01/2025

Tá an t-aisteoir óg Laura Heeney i ról an tionchaire nua i Ros na Rún, atá bríomhar, cainteach agus fonn uirthi a bheith ina banríon sóisialta

Is í sin Penny Fallon, bean óg uaillmhianach atá breá in ann margadh a dhéanamh, go háirithe nuair a bhaineann sé le cosmaidí agus brandaí nós maireachtála. Agus tá sí i Ros na Rún.

Is í an t-aisteoir as Tír Chonaill, Laura Heeney, atá i ról Penny ar Ros na Rún, carachtar bríomhar agus dána a bhfuil gairm i gcosmaidí á leanadh aici chun í a thabhairt chomh fada le bheith ina tionchaire mór le rá agus ina cruthaitheoir digiteach.

Laura mar Penny i Ros na Rún
Laura mar Penny i Ros na Rún

Is céimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad í Laura agus tá céim onóracha aici i nGaeilge agus Spáinnis.

Mar sin féin tá a díograis chun líofacht sa teanga a bhaint amach tar éis an aisteora óg a thabhairt ar ghairm bheatha éagsúil go dtí seo.

Roimh Ros na Rún d’oibrigh Laura go deonach mar chruthaitheoir ábhar digiteach Gaeilge leis an Nuacht Gaeilge.

Anuas air sin, d’oibrigh an t-aisteoir go deonach le Gael Linn, a gcainéal físeáin ar líne, Gaelbhratach, chomh maith le BLOC, Raidió Fáilte agus Raidió na Life.


blas na cathrachd

CLICEÁIL ANSEO CHUN AN T-AGALLAMH A CHLOISTEÁIL


Chaith Laura bliain le foireann Meáin Shóisialta TG4, áit go raibh sí páirteach in ábhar nuálach a chruthú do réimse dá gcuid ardáin ar líne.

Seo an chéad uair do Laura a bheith ag aisteoireacht ar an teilifís agus deir sí faoi Penny: ‘Tá sí bríomhar agus beagáinín féinspéiseach lena cuid nóisin tionchaire agus an leanúint atá aici ar líne.

Ach an bhfuil sé deacair a bheith ag obair ar Ros na Rún, agus an mbaineann sí taitneamh as?

‘Is breá liom é, chuir na haisteoirí, criú agus foireann léiriúchán fáilte mhór romham, tá Ros na Rún ar nós clann taobh thiar den cheamara, rud atá iontach d’aisteoir nua,’ dúirt sí

Ag caint faoin obair ar Ros na Rún, deir Laura: ‘Bíonn na laethanta fada, só bíonn am glaoite  agamsa de ghnáth ag a hocht, agus ansin bíonn am ‘rap, thart ar 8.

‘Bíonn sé difriúil gach aon seachtain agus gach aon lá. But yea, laethanta an fhada a bhíonn i gceist agus go háirithe fada don chriú.

‘Mar más aisteoir thú, b’fhéidir nach mbeidh tú ach in cúpla radharc in aghaidh an lae, ach don chriú bíonn siadsan in gach aon uile radharc agus caithfidh siadsan a bheith ‘on the ball’ mar a déarfá.


Laura in agallamh ar phodchraoladh (podcast) Blas na Cathrach, ar Raidio na Life ar Spotify, Soundcloud agus Apple iTunes. Éist le gearrthóg (clip) anseo

penny 2 feat

‘Bíonn thart ar ocht  radharc a thaifead againn in aghaidh an lae agus b’fhéidir nach mbeinn in ach ceithre cinn le déanamh ag na haisteoirí, ach bíonn ocht le déanamh ag an chriú. Yeah.

‘Ach bhfuil a fhios agat seo, bíonn an t-atmaisféar i gcónaí galánta agus bíonn gach aon duine i ndea-umar agus bíonn an chraic againn, só bainim sult as.’

 Feicfimid scéal Penny ag titim amach nuair a bhíonn an díoltóir cosmaidí dathúil, muiníneach agus cairdiúil ag dul in aghaidh neamhaird a tuismitheoirí dá rogha gairm bheatha mar ‘thionchaire – an fíor-phost é sin’ agus í ag cur aithne ar chairde agus comharsana a haintín Laoise i sráidbhaile na rún, Ros na Rún.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram