

Beidh ar Kyle Hayes fanacht go dtí mí Feabhra na bliana seo chugainn ar a laghad le fáil amach an mbeidh pianbhreith phríosúin air.

Ciontaíodh an réalta iomána Luimnigh as mí-ord foréigneach ag club oíche.
Gearradh pianbhreith dhá bhliain ar fionraí (two-year suspended sentence) i mí na Nollag seo caite do Hayes a bhfuil gradam All-Star buaite aige cúig huaire.
Ciontaíodh Hayes, atá 26 bliain d’aois, as dhá chúiseamh de mhí-ord foréigneach ag club oíche Icon, Luimneach, an 28 Deireadh Fómhair 2019.
Féadfaidh sé dul chun príosúin anois áfach tar éis é a bheith ciontaithe as tiomáint chontúirteach ag Cúirt Dúiche Mhala (Mallow District Court), Meán Fómhair seo caite.
Bhí Hayes i gCúirt Chuarda Choiriúil Luimnigh (Limerick Circuit Criminal Court) Dé Luain don chás.
Dúirt a dhlíodóir Brian McInerney sa chúirt nach bhféadfaí éisteacht leis an bpianbhreith ar fionraí go fóill mar go bhfuil a chliant ag achomharc (appeal) a chiontú i dtiomáint chontúirteach, rud a chaithfear a éisteacht ar dtús.
‘Cuirtear in iúl dom go bhfuil an t-achomharc sa chion coiriúil líomhainte (alleged criminal offence) liostaithe don 19 Nollaig i gCorcaigh, agus ní féidir aon rud a tharlóidh anseo roimhe sin,’ a dúirt an tUasal McInerney leis an mBreitheamh Colin Daly.
D’athchuir (remanded) an Breitheamh Daly Hayes ar bhannaí (bail) leanúnacha le teacht os comhair Chúirt Chuarda Choiriúil Luimnigh, le haghaidh éisteacht na pianbhreithe ar fionraí maidir le mí-ord foréigneach, an 10 Feabhra 2025.
Chuir Hayes, as Baile Uí Aisí (Ballyashea), Cill Díoma (Kildimo), Co. Luimnigh, i gcoinne na gcúiseamh mí-ord foréigneach; agus éigiontaíodh é as an tríú cion líomhainte, as ionsaí a rinne díobháil do Chillian McCarthy, taobh istigh den chlub oíche.

Chomh maith lena phianbhreith ar fionraí, ordaíodh do Hayes cúiteamh de €10,000 a íoc leis an Uasal McCarthy as a ghortuithe agus as an tuilleamh a cailleadh de bharr na ngortuithe ar oíche an mhí-ord foréignigh.
Thug bainisteoir iomána Luimnigh John Kiely teistiméireacht charachtair don imreoir ag éisteacht phianbhreithe mhí na Nollag 2023.
‘Tá deis eile tuillte ag gach fear óg,’ a dúirt an tUasal Kiely leis an mbreitheamh.
Dúirt Cillian McCarthy ag an triail go raibh obráid le déanamh air chun cnámh briste i soicéad a shúl deise a dheisiú, d’fhulaing sé ballbhrú (bruising), tinneas cinn throm, radharc doiléir agus tráma síceolaíoch.
Dúirt an tUasal McCarthy go raibh teachtaireachtaí fuatha faighte aige freisin ó dhaoine ar na meáin shóisialta agus scaipeadh grianghraif ar líne in éineacht le ‘tráchtaireacht olc’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.