

Bronnadh boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 70 club CLG ó gach cearn den tír.
Bhí an searmanas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, agus ba cheiliúradh a bhí ann ar thiomantas na gclubanna CLG don Ghaeilge.
Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, go bhfuil fás leanúnach tagtha ar an scéim le blianta beaga anuas, agus go bhfuil bronnadh na bliana seo ar an cheann is mó a d’eagraigh siad go dtí seo.
Dúirt sí: ‘Baineann foireann Ghlór na nGael sult as moltóireacht na mbonn gach uile bliain.
‘Feicimid obair den chéad scoth ag dul ar aghaidh i gclubanna fud fad na tíre le spás don Ghaeilge a chinntiú ina gcuid cumainn.

‘Tugann Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha teimpléad dóibh leis an obair seo a dhéanamh, agus aitheantas dóibh as an méid a bhaineann siad amach.
‘Tá rath na scéime seo ag brath go hiomlán ar an chomhpháirtíocht sin idir na clubanna, Glór na nGael agus Páirc an Chrócaigh. ‘
Ag trácht dó ar an bhFondúireacht dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG: ‘Is cuid lárnach í an Ghaeilge de Chumann Lúthchleas Gael agus is scéim iontach í an fhondúireacht leis an Ghaeilge a chur chun cinn ann. Cúis mhór áthais dom go bhfuil an scéim seo ag gabhháil ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana.
‘Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na clubanna uilig a bheidh ag fáil boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana.
‘Déanaim comhghairdeas ach go háirithe leis na ceithre chlub a mbeidh boinn óir á mbronnadh orthu. Tá éacht déanta agaibh uilig.’
Bhí ionadaithe ó na clubanna i láthair i bPáirc an Chrócaigh chun glacadh lena ngradam le bród.
Is léiriú é seo ar a dtiomantas chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh dá gclubanna féin agus ina bpobail.

Is scéim chomhpháirtíochta í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir Glór na nGael agus an CLG.
Tá an comhpháirtíocht tiomanta do láithreacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gclubanna CLG ar fud na tíre.
Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.