

Mar is eol do chách, chaill na Daonlathaithe an Uachtaránacht agus an Seanad sa toghchán is déanaí sna Stáit Aontaithe.
Cad a tharla? Dealraíonn sé nach bhfuil go leor daoine, agus go háirithe daoine den lucht oibre, sásta leis an gcostas maireachtála faoi láthair, a bhfuil siad ag streachailt leis.
Dar leo, ní haon mhaitheas dóibh na Daonlathaithe a chur ar ais i gceannas, mar ba iad cúis na faidhbe sa chéad áit – fadhb nár réitigh siad, ach an oiread.
Mar sin, ba ghá dóibh mar vótálaithe, athrú mór a dhéanamh. Agus sin a rinneadar!
Tá súil ag Micheál gur oscailt súl a bhí ann don Pháirtí Daonlathach, agus tá cúpla smaoineamh aige maidir le cad atá le foghlaim dóibh ón teip mhór seo.

Seo a srbíobh Micheál:
Bíonn na meáin go léir plódaithe le nuacht agus bréagnuacht na laethanta seo faoi na heachtrannaigh atá anseo cheana féin, gan trácht ar na heachtrannaigh a bheidh ag iarraidh teacht isteach sa tír go luath.
Mar sin féin, is gá dúinn an grán a scaradh ón lóchán, smaoineamh dúinn féin agus an rud ceart a dhéanamh maidir leis na heachtrannaigh inár measc.
Cliceáil ANSEO chun an chuid eile a léamh nó éisteacht leis…

Ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn sna meáin go léir foilsíonn ExtraG.ie an colún seachtainiúil seo le Micheál Bairéad óna shuíomh idirlín mickgb.com.
Is féidir leat éisteacht leis freisin agus tú ag léamh, agus frásaí deacra a sheiceáil trí chliceáil ar aon fhocal.
Cibé ábhar a bhíonn aige ó sheachtain go seachtain, bíonn Micheál i gcónaí léargasach, faisnéiseach agus suimiúil.
AUDIO: Tá fuaimrian (audio) ar fáil an freisin, ag úsáid intleacht shaorga (AI), chun an téacs Gaeilge a léamh amach. Mar sin is féidir é a chloisteáil agus tú á léamh.
DICTIONARY: Agus tá foclóir ann, ag úsáid teanglann.i,e freisin, ionas gur féidir leat brú ar fhocal chun a bhrí (meaning) a fháil, díreach ar an leathanach atá á léamh agat.
Tá na colúin go léir le Micheál Bairéad i gcartlann amháin ar an suíomh mickgb.com. Tá beagnach trí chéad dóibh ann go dtí seo.
Chomh maith le sin tá 805 colún a sceíobh a athar, Peadar Bairéad, i gcartlann eile.
Is scríbhneoir agus colúnaí é Mícheál Bairéad a bhunaigh an suíomh gréasáin mickgb.com, mar chartlann dá scríbhinní.

Is Éireannach é atá ina chónaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada. Cé gur rugadh i gContae Mhaigh Eo é, d’fhás sé aníos i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh. Caitheann sé cuid mhaith ama in Éirinn fós.
Is colúnaí seachtainiúil é don pháipéar áitiúil Kilkenny People.
Dhear agus d’fhorbair sé an suíomh idirlín mickgb.com d’eagraíocht neamhbhrabúis.
Is athair Micheál é Peadar Bairéad. Rugadh é in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.
Múinteoir Ghaeilge, agus scríbhneoir prós agus filíochta ab ea Peadar.
Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta (Duilleoga Fómhair, Cleití na hAislinge, Fataí Rómhair agus An Fómhar Deireanach) leis, chomh maith lena dhírbheathaisnéis (Doirse Dé).
Bhí sciar maith dá chuid filíochta ar chúrsaí scoile agus léinn. Foilsíodh scríbhinní Pheadair i go leor irisí: Feasta, Comhar, An Sagart, An Timire, Anois, agus Scéala Éireann san áireamh. Colúnaí seachtainiúil ab ea é sa Kilkenny People freisin, ó 1979 – 2018. Tá 805 dá cholúin ar fáil ar mo shuíomh.
Chun scríbhinní Micheál agus Peadar a léamh, breathnaigh ar mickgb.com.
Ríomhphost: mickgb@gmail.com
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.