Tá Gaeilge riachtanach mar chuid dár bhféiniúlacht, a deir  muintir na hÉireann leis an Rialtas

08/11/2024

Tá taighde nua foilsithe ag Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge, an fhéiniúlacht náisiúnta agus an Ghaeltacht – agus deir sé go gcaithfidh an Rialtas níos mó a dhéanamh ar son ár dteanga

 Tá torthaí suirbhé nua eisithe ag Gaelchultúr, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, a thugann léargas luachmhar ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge.

Tá léargas freisin ar an ról ríthábhachtach atá ag an teanga i bhféiniúlacht náisiúnta na hÉireann.

Léiríonn an staidéar, a rinne Amárach Research, gur ábhar mór bróid í an Ghaeilge agus leagann sé béim ar an mborradh suntasach atá ag teacht faoi dheiseanna turasóireachta agus gnó sna Gaeltachtaí.

Gaeilge
Deir 74% de na freagróirí gur mian leo Gaeilge labhartha níos fearr a bheith acu

Ghlac 1,000 duine a bhfuil leibhéil éagsúla cumais teanga acu páirt sa taighde.

Léiríonn ceann de na torthaí is suntasaí sa suirbhé go bhfuil aiféala ar bheirt as gach triúr (66%) nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus go bhfuil an mothúchán seo níos láidre fós i measc daoine atá 55 bliana d’aois agus os a chionn (70%).

Tugann sé seo le fios go bhfuil ceangal láidir mothúchánach ag baint leis an teanga a mbraitheann go leor daoine gur chaill siad amach air.

Deir 74% de na freagróirí gur mian leo Gaeilge labhartha níos fearr a bheith acu.

Chomh maith leis sin ar fad, léiríonn an suirbhé mealltacht na Gaeltachta mar cheann scríbe turasóireachta, agus suim á léiriú ag 42% de na freagróirí i saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Cuireann na torthaí seo deiseanna spreagúla in iúl do thionscal na turasóireachta chun na gníomhaíochtaí cultúrtha faoi leith atá ar fáil sna réigiúin seo a chur chun cinn.

Aithníodh ról Údarás na Gaeltachta freisin i gcur chun cinn na Gaeilge agus tacaíocht don teanga.

D’aithin 63% de na freagróirí an nasc idir an eagraíocht féin agus a hiarrachtaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Léirigh an staidéar an nasc láidir idir an Ghaeilge agus féiniúlacht náisiúnta freisin, agus beagnach triúr as gach ceathrar (73%) ann a deir go n-aontaíonn siad go bhfuil an teanga riachtanach mar chuid d’fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann.

Bhí an líon is airde astu sin ina measc siúd atá idir 35-44 bliana d’aois (81%).

Seachtain na Gaeilge feat

Léiríonn sé seo an tábhacht dhomhain chultúrtha a bhaineann leis an Ghaeilge agus ról na teanga i múnlú na tuisceana atá ag muintir na hÉireann orthu féin.

Ina theannta sin, aontaíonn seachtar as gach deichniúr go mbeadh Éire níos boichte ó thaobh cultúir de gan an Ghaeilge, rud a léiríonn an t-aitheantas a thugann an pobal don teanga mar bhunchloch i saol saibhir cultúrtha na tíre.

Éilíonn 64% de na freagróirí ar an rialtas níos mó a dhéanamh chun tacú le pobail Ghaeltachta agus chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram