Ceisteanna don ‘DPP’ – agus na gardaí ag déanamh athbhreithniú ar a imscrúdú faoi Eamon Casey

30/07/2024

Rinne neacha Eamon Casey gearán leis na gardaí agus chuir siad ceist ar an easpag, ach cén fáth nár ionchúisíodh (prosecute) é?

D’ordaigh Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go ndéanfaí athscrúdú ar ghearáin faoi mí-úsáid ghnéasach líomhnaithe (alleged) i gcoinne Eamonn Casey.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Gharda go bhfuil iarrtha ag an gCoimisinéir ar Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (Garda National Protective Services Bureau) an comhad imscrúdaithe bunaidh a scrúdú.

Tagann sé seo tar éis éileamh ón iar-aire dlí agus cirt Alan Shatter ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) agus na gardaí a mhíniú cén fáth nár ionchúisíodh Casey.

Eamonn Casey
Eamonn Casey

‘Is ceist don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iad treoracha ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,’ a dúirt na gardaí.

Is aonad é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta a dhéileálann le cosaint leanaí, foréigean teaghlaigh agus foréigean gnéasach.

Bhí sé ráite ag an iar-aire Alan Shatter gur cheart don Gharda athbhreithniú a dhéanamh ar gach gearán in aghaidh an Easpaig Casey.

Tháinig sé seo tar éis fiosrúchán a rinne RTÉ, i gcomhar leis an Irish Mail on Sunday, ar an chaoi

ar dhéileáil an Eaglais Chaitliceach leis na líomhaintí a fuair siad faoi Casey.

Rinneadh ar a laghad cúig líomhain maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí leis an Eaglais i gcoinne Casey i ngach deoise Éireannach ina raibh sé i gceannas, ó na 1950idí go dtí na 1980idí.

Ina measc siúd a rinne éilimh bhí a neacht Patricia Donovan, a chuir a gearán isteach in 2005.

Níor cúisíodh nó níor ciontaíodh an tEaspag Casey riamh as aon choir ghnéasach líomhnaithe, in aghaidh linbh nó duine fásta.

Chuir gardaí agallamh air ar feadh uaireanta an chloig maidir le gearán Ms Donovan.

D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP), i Lúnasa 2006, nach mbeadh aon chúisimh i gcoinne Casey.

D’iarr an tUasal Shatter ar an nGarda agus ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a mhíniú cén fáth nár ionchúisíodh gearán a rinne Ms Donovan i gcoinne a uncail.

Thuairiscigh Ms Donovan, atá as Luimneach, an tEaspag Casey mar gheall ar mhí-úsáid líomhnaithe, a líomhnaítear a thosaigh go déanach sna 1960idí, nuair a bhí sí cúig bliana d’aois.

Rinne sí a gearán i 2005 agus ghlac bleachtairí ráiteas uaithi i mí Eanáir 2006, ach faoi Lúnasa  d’ordaigh an DPP gan aon chúiseamh a thabhairt ar 13 líomhain shamplacha.

Alan Shatter
Alan Shatter

D’fhiafraigh an tUasal Shatter cé chomh cuimsitheach agus a bhí an t-imscrúdú a rinneadh?

‘Ar thug an Garda nó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí aird mhíchuí ar an Easpag Casey? Sílim go gcaithfidh trédhearcacht a sholáthar.’

Dúirt na gardaí roimhe seo go ndearnadh scrúdú críochnúil ar gach gearán.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram