Rinneadh ar a laghad cúig líomhain faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí in aghaidh an Easpaig Eamonn Casey don Eaglais Chaitliceach.
Chuir an Vatacáin cosc ar an Easpag Casey ó mhinistreacht phoiblí ar feadh a shaoil tar éis dó na líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ina choinne a fháil, de réir an Irish Mail on Sunday.
Tá clár faisnéise (documentary) de chuid RTÉ, i gcomhar leis an Irish Mail on Sunday, á chraoladh Dé Luain faoi na líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí in aghaidh iar-Easpag na Gaillimhe.
Tá líomhaintí déanta roimhe seo faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí in aghaidh an Easpaig Casey, lena n-áirítear a neacht, Patricia Donovan.
Tá sé tagtha chun solais gur athdhearbhaigh (reaffirmed) an Vatacáin an cosc ar Casey tar éis do Ms Donovan gearán a dhéanamh faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí ina choinne i 2005.
I ráiteas, dheimhnigh an Vatacáin go raibh cosc ar an Easpag Casey ón ministreacht roimh 2006.
Craolfaidh clár faisnéise RTÉ tuilleadh líomhaintí faoi iar-Easpag Chiarraí agus na Gaillimhe, ar b’éigean dó éirí as i 1992.
Ag an am, fuair an pobal amach go raibh sé ina athair linbh le Annie Murphy.
D’ordaigh an Vatacáin dó an tír a fhágáil agus rinneadh misinéirí de i Meiriceá Theas sular fhill sé ar Éirinn i 2006.
D’fhan an tEaspag Casey as an ministreacht le 12 bhliain dheireanacha dá shaol, ó 2005 ar a laghad go dtí an lá a fuair sé bás, ar 13 Márta, 2017, in aois a 89 bliain.
Dúirt ráiteas na Vatacáine nár baineadh an cosc riamh, in ainneoin achomharc (appeal) ó Casey agus a lucht tacaíochta gur cheart cead a thabhairt dó filleadh ar an ministreacht.
Faoi na srianta, ní raibh cead ag an Easpag Casey Aifreann a rá go poiblí; ní fhéadfadh sé freastal ar Aifreann, ach mar bhall den phobal nó go príobháideach ina theach féin.
Ordaíodh dó freisin gan agallaimh a thabhairt leis na meáin fad is a rinne an Vatacáin imscrúdú ar na gearáin ina choinne.
Mar sin féin, sháraigh an tEaspag Casey srianta na Vatacáine arís agus arís eile.
Chuir sé Aifreann ar fáil i roinnt deoise roinnt uaireanta; lean sé air ag caitheamh éadaí cléireachais agus léirigh sé é féin mar shagart gan fadhb.
Níor chuir an Vatacáin a chinneadh in iúl riamh don phobal faoin gcosc ar Casey ina shaol.
Faoi 2005, bhí ar a laghad trí ghearán faighte ag an Vatacáin maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí i gcoinne an Easpaig Casey. Bhain dhá cheann acu sin lena thréimhse mar Easpag Chiarraí. Chuaigh ceann eile siar go dtí a thréimhse i nDeoise Luimnigh go déanach sna 1950idí agus 1960idí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.