

Mhéadaigh an teannas idir rialtais na hÉireann agus na Breataine tar éis do Londain diúltú do chomhaontuithe inimirce (agreements on immigration) reatha a chomhlíonadh.
Tá imní ag méadú faoi líon na n-iarrthóirí tearmainn atá ag teitheadh ón mBreatain agus ag teach go hÉirinn, mar gheall ar dhlíthe géara nua atá ag bagairt iad a chur go Ruanda.
Tá sé ráite ag Rialtas na hÉireann go bhfuil ardú mór ar líon na n-imirceach a thagann isteach sa Phoblacht trí theorainn a thrasnú ón Tuaisceart chun éalú ó réimeas na Breataine

Ina ainneoin sin, dúirt príomh-aire na Breataine Rishi Sunak nach nglacfaidh a rialtas ar ais aon iarrthóirí tearmainn a thaistil go dtí an Phoblacht, fiú má bhí cosaint idirnáisiúnta á éileamh acu sa Bhreatain.
Mar sin féin tá sé ráite ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhfuil comhaontú i bhfeidhm cheana féin idir an dá rialtas a chlúdaíonn an cheist sin.
Dúirt an tUasal Martin go bhfuil ceist na n-imirceach clúdaithe ag comhaontú idir rialtais na Breataine agus na hÉireann ar thángthas air sna ‘blianta tar éis Brexit’.
Tabharfaidh Rialtas na hÉireann reachtaíocht isteach an tseachtain seo chun cead a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn a thagann isteach sa Phoblacht trasna na teorann, filleadh ar ais.
Caithfidh an Rialtas an reachtaíocht nua seo a thabhairt isteach mar go bhfuil ‘polasaí na Ruanda’ ar inimirce tugtha isteach ag an mBreatain.
An mhí seo caite rialaigh Ard-Chúirt na hÉireann nach bhféadfaí an Bhreatain a ainmniú ina tír shábháilte a thuilleadh mar gheall ar an polasaí sin.
Bhí comhlimistéar taistil (common travel area) idir Éirinn agus ag an mBreatain i gcónaí, in ainneoin chinneadh na Breataine rialuithe a thabhairt isteach faoi Brexit.
Shéan Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris go bhfuil an Bhreatain ag sárú comhaontú idirnáisiúnta.
Bhí sé ag labhairt ag preasagallamh i Londain Dé Luain, leis an Uasal Martin lena thaobh, tar éis cruinniú de Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann (British Irish Intergovernmental Conference, BIIGC).
Bhí an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le bheith i láthair ag cruinniú BIIGC freisin, ach tharraing sí amach tar éis do rialtas na Breataine cruinniú idir í féin agus a Rúnaí Baile (Home Secretary) James Cleverly a chur ar ceal.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.