Tá rialtas Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain tar éis bogadh chun 30 ceadúnas onnmhairithe (export) arm go hIosrael a chur ar fionraí láithreach.
Tagann an cinneadh tar éis athbhreithnithe do na hairí nua sa Bhreatain.
Fuair sé amach go bhfuil ‘riosca soiléir’ ann go bhféadfaí airm na Breataine a úsáid i sárú tromchúiseach ar an dlí daonnúil (humanitarian).
Baineann sé seo le caitheamh le coimeádaithe (detainees) Palaistíneacha agus le soláthar cúnaimh (aid) do Gaza.
Dúirt Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine David Lammy go bhfuil ‘riosca soiléir’ ann go bhféadfaí míreanna a onnmhairítear go hIosrael a úsáid i ‘sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta’.
Tá timpeall 30 as 350 ceadúnas le hIosrael á gcur ar fionraí. Dúirt Lammy nach lánchosc arm (arms embargo) é seo.
Clúdóidh an fhionraí comhpháirteanna (components) d’aerárthaí míleata (military aircraft) lena n-áirítear aerárthaí troda, héileacaptair agus ‘drones’.
Dúirt Oifig Eachtrach na Breataine gur ardaigh an t-athbhreithniú, a bhí ann ar feadh dhá mhí, imní faoin mbealach a d’fheidhmigh Iosrael sa choinbhleacht i nGaza.
Níor thángthas ar chonclúid chinnte ar bith ar chuir ceadúnais onnmhairithe arm na Breataine leis an scrios sa chríoch (territory).
Mar sin féin, ba chúis imní mhór scála an scriosta agus líon na mbásanna sibhialtach, a dúirt an Oifig Eachtrach.
Is ionann na fionraí agus an deichiú cuid de na 350 ceadúnas atá ann le hIosrael.
Beidh brú ar lucht riaracháin Joe Biden sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar an gcinneadh.
Tá sé ráite arís agus arís eile ag rialtas Mheiriceá nach bhfuil aon bhunús sa dlí daonnúil idirnáisiúnta chun onnmhairí arm a chur ar fionraí.
Mar sin féin, bhí fonn ar airí sa Bhreatain a chur in iúl go raibh siad fós tiomanta do shlándáil Iosrael in ainneoin na fionraí.
Chuir siad in iúl gur tharla fionraí dá leithéid i gcoimhlintí Iosraelacha roimhe seo.
D’fhormhuinigh Margaret Thatcher cinntí fionraí i 1982, Gordon Brown i 2009 agus faoin gcomhrialtas i 2014.
Cuireadh ceadúnais onnmhairithe arm ar fionraí chuig an Éigipt i 2013 agus sa Rúis i 2014 freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.