Tá na mílte daoine tar éis teach amach anois, atá in aghaidh ciníochais agus foréigean a tharla ar fud na Breataine agus i dTuaisceart Éireann.
Idir an dá linn, tá an scéal tagtha amach faoin gcaoi ar chruthaigh bréaga faoi inimircigh, círéibeacha agus foréigean i Londain, i dtuaisceart Shasana agus i mBéal Feirste.
Thosaigh na círéibeacha agus foréigin tar éis bréag a insint faoi mharútriúr cailín i Southport.
Ar an 29 Iúil, maraíodh Bebe King, 6, Elsie Dot Stancombe, 7, agus Alice da Silva Aguiar, 9, in ionsaí scian ag imeacht rince ar théama Taylor Swift. Gortaíodh ochtar leanbh eile agus beirt dhaoine fásta.
Níos déanaí an lá sin, ghabh na póilíní déagóir a bhí 17 bliain d’aois as sráidbhaile in aice láimhe.
Beagnach láithreach, rinne postálacha ar na meáin shóisialta tuairimíocht bhréagach gur iarrthóir tearmainn (asylum seekers) a bhí san amhrastach a tháinig go dtí an Bhreatain ar bhád anuraidh.
Postáladh ainm mícheart agus bhí éilimh bhréagacha ann freisin go raibh sé ina Mhoslamach. Go deimhin, rugadh é sa Bhreatain Bheag (Wales) é agus tagann a tuismitheoirí ó Ruanda.
An tráthnóna dár gcionn, d’fhreastail níos mó ná míle duine ar bigil (vigil) i Southport.
Níos déanaí, thosaigh an foréigean in aice le mosc áitiúil. Chaith daoine brící agus buidéil ag an mosc agus ag na póilíní, cuireadh veain póilíní trí thine agus tugadh 27 oifigeach chuig an ospidéal.
An lá tar éis círéib Southport, thosaigh agóidí foréigneacha i Londain, Hartlepool agus Manchain (Manchester).
Tharla níos mó i rith na seachtaine ag moscanna agus óstáin le hiarrthóirí tearmainn.
Léirigh eagraíochtaí meán patrún soiléir de lucht tionchair ag scaipeadh na bréaga agus ag spreagadh foréigean.
Scaip go leor daoine a bhfuil tionchar acu ar líne éilimh bhréagacha ar líne a shroich gnáthdhaoine gan nasc ar bith le grúpaí i bhfad ar dheis.
Ar X, chuir bunaitheoir grúpa chiníoch ar a dtugtar an English Defence League – coirpeach ciontaithe (convicted criminal) Tommy Robinson, a bhfuil a fhíorainm Stephen Yaxley-Lennon – teachtaireachtaí fuatha chuig a mhilliún leanúna, agus é ar saoire sa Chipir.
Bhí duine a raibh tionchar aige ar X a bhfuil baint aige le Robinson, a phostálann faoin ainm ‘Lord Simon’, i measc na gcéad daoine a bhí ag eagrú agóidí ar fud na tíre.
Ó shin i leith foréigean, bhí círéibeacha agus ionsaithe ar dhaoine agus ar theaghlaigh ina dtithe ar fud Shasana agus i mBéal Feirste.
Lean an foréigean ar aghaidh. D’ionsaigh na sluaite moscanna, óstáin le hiarrthóirí tearmainn, gluaisteáin agus siopaí.
Ionsaíodh daoine aonair, leanaí san áireamh, agus tá grúpaí frith-inimirceach ag stopadh gluaisteáin féachaint an bhfuil na daoine atá iontu geal (white).
Idir an dá linn, tá an déagóir atá cúisithe as an ionsaí ar an triúr cailíní tugtha os comhair na cúirte ag na póilíní.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.