Beimid ag troid ar son na tithíochta agus na neodrachta, a deir Mary Lou McDonald

Tá feachtais a páirtí do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha seolta ag Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin

D’admhaigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nár chuir a páirtí dóthain iarrthóirí chun cinn san olltoghchán deireanach – ach dúirt sí nach dtarlódh sé sin arís.

Ag seoladh a fheachtais páirtithe do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha a bheidh ar siúl ar an 7 Meitheamh, dúirt McDonald go mbeidh tithíocht agus neodracht mar dhá cheist thábhachtach.

Dúirt sí: ‘Is í an cheist mhór atá os ár gcomhair ar fad ná tithíocht, tithíocht agus tithíocht de réir dealraimh.’

Mary Lou McDonald
Mary Lou McDonald

Dúirt sí go bhfuil fadhbanna le plódú (overcrowding), cothabháil (maintenance) ár dtithe agus ár n-árasán údaráis áitiúil agus faoi cheist na gcíosanna.

‘Is éard atá i gceist agam go bhfuil cíosanna ag crosadh (crucifying) daoine agus go bhfuil glúin iomlán againn nach bhfuil aon dóchas acu maidir le húinéireacht tí,’ a dúirt sí.

Maidir leis na toghcháin Eorpacha dúirt McDonald go seasfadh Sinn Féin an fód d’Éirinn san Eoraip.

‘Tabharfaimid tacaíocht do bheartais ón Eoraip nuair a bheidh siad go maith d’Éirinn agus don domhan mór. Cuirfimid ina gcoinne nuair nach bhfuil siad,’ a dúirt sí.

Chuir sí i leith an Rialtais agus an Coimisiún Eorpach go bhfuil siad ag déanamh iarracht neodracht mhíleata agus neamhspleáchas eachtrach na hÉireann a dhíchóimeáil (dismantle) agus dúirt sí go gcosnódh a páirtí iad.

Tá seisear iarrthóir á reáchtáil ag Sinn Féin do na toghcháin Eorpacha, beirt i ngach toghcheantar, agus 335 iarrthóir sna toghcháin áitiúla – duine amháin ar a laghad i ngach ceantar toghcháin áitiúil.

Dúirt McDonald gurb iad na toghcháin i mí an Mheithimh an chéad chéim chun an Rialtas a chur as oifig.

Dúirt sí: ‘Tar éis Olltoghchán 2020 ní raibh mé in ann siúl chomh fada liom féin gan a bheith curtha in iúl dúinn nár chuireamar go leor iarrthóirí suas.’

Dúirt sí nach mbeadh sé sin ina cheist an uair seo mar go bhfuil dóthain iarrthóirí á reáchtáil ag an bpáirtí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram