

Tá neart imeachtaí ar siúl chun cabhrú leat an Ghaeilge atá agat a chleachtadh agus tú ag baint sult as comhluadar daoine eile. Agua beidh siad ar siúl thar deireadh seachtaine Fhéile Pádraig – agus go deimhin ar feadh na bliana.
Agus chun tú a chur ar an giúmar ceart tá ár ‘quiz’ féin curtha ar bun againn do dheireadh seachtaine Fhéile Pádraig.

Bain triail as anseo:
QUIZ EXTRAG.IE: CLICEÁIL ANSEO
Tá liosta na n-imeachtaí Gaeilge ró-iomadúla (numerous) le cur san áireamh anseo ach gheobhaidh tú gach eolas ar peig.ie, le haghaidh imeachtaí áit ar bith in Éirinn agus thar lear, nó BÁC le Gaeilge má tá tú i do chónaí i mBaile Átha Cliath.
Is suímh gréasáin iontach iad a liostaíonn imeachtaí éagsúla, na háiteanna atá siad agus cathain a bhfuil siad ar siúl. Tá damhsa, ceol agus fiú seans dul ag siúl le Gaeilgeoirí ann.

Nó tá ciorcail chomhrá, cluichí biongó, cluichí cártaí – agus na cinn is coitianta ar fad, tráth na gceist.
Ceann de na bealaí is fearr chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge, áfach, ná le pionta nó manglam (cocktail) ag Pop up Gaeltacht.
Tá siad ar fud an domhain ó Mhullach Íde (Malahide) go Melbourne agus is é an áit is fearr chun eolas a fháil ar cheann in aice leat ná le @popupgael a leanúint ar X nó ‘pop up Gaeltacht’ a chur sa Chuardach (Serach) ar X nó Instagram.
Pub / Teach tábhairne
Pint of beer / Pionta beorach
Shórt / Ceann beag
Shot / Steall
Cocktail / Manglam
Ice / Oighear
Champagne / Seaimpéin

Is é ‘tráth na gceist’ an Ghaeilge ar ‘quiz’. Agus is é ‘oíche tráth na gceist’ an Ghaeilge ar ‘quiz night‘
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.