An bua ag Cowen i gcath na ‘FF dynasties’

07/02/2024

Seasfaidh Barry Cowen d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha – bhí a dheartháir, a athair agus a sheanathair ina bpolaiteoirí don pháirtí freisin

Bhí coimhlint idir dhá theaghlach thraidisiúnta Fhianna Fáil – muintir Cowen agus muintir Blaney – le fáil amach cé a dhéanfadh ionadaíocht don pháirtí i dtoghcheantar amháin i dtoghcháin Eorpach i mbliana.

Agus sa deireadh ba é Barry Cowen, deartháir leis an iar-Thaoiseach Brian Cowen agus mac leis an iar-Aire Talmhaíochta Sóisearach Ber Cowen a bhuaigh an comórtas.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Bhí seanathair Barry agus Brian, Christy Cowen, ina comhairleoir in Uíbh Fhailí (Offaly) agus ina bhall d’fheidhmeannas náisiúnta (national executive) Fhianna Fáil freisin.

Barry Cowen Pic: Gareth Chaney Collins
Barry Cowen Pic: Gareth Chaney Collins

Tá Barry, a bhí ina Aire Talmhaíochta ar feadh tamaill ghairid le linn an chomhrialtais (coalition) atá ann faoi láthair, tar éis ainmniúchán (nomination) Fhianna Fáil a fháil chun dul san iomaíocht i dtoghchán na hEorpa i ndáilcheantar Lár na Tíre/Iarthar-Thuaisceart (Midlands/North-West).

Bhí sé in aghaidh Niall Blaney, de theaghlach cáiliúil Blaney as Dún na nGall, i ndáilcheantar nua Eorpach a thug Laois-Uíbh Fhailí (Laois-Offaly) isteach san Iarthuaisceart (North West).

Creideadh roimh ré go mbeadh an bua go héasca ag Cowen ach bhí tacaíocht láidir ag an Seanadóir Blaney.

Bhí an vótáil ar siúl i gceithre ionad – Baile Átha an Rí (Athenry), Co. na Gaillimhe; Sligeach; An Muileann gCearr (Mullingar), Co. na hIarmhí (Westmeath); agus an Uaimh (Navan), Co. na Mí (Meath) – agus chaith baill an pháirtí 2,445 vóta.

Tar éis an chéad bhallóide, bhí 894 vóta faighte ag an Uasal Cowen i gcomparáid le 803 ag an Uasal Blaney agus 570 ag an Seanadóir Lisa Chambers.

Tar éis do vótaí Ms Chambers a bheith scaipthe, bhí 1,142 san iomlán ag an Uasal Cowen i gcomparáid le 1,071 a bhí ag an Uasal Blaney.

Tá teaghlach an Uasail Cowen fós sáite i bpolaitíocht na bpáirtithe agus bhí a dheartháir, an t-iar-Thaoiseach Brian Cowen, i láthair ag an gcomhdháil. Fuair sé moladh seasta (standing ovation) ó thoscairí (delegates) an pháirtí.

Tá teaghlach an Uasail Blaney fite fuaite i stair Fhianna Fáil freisin; bhí a athair Harry Blaney, a sheanathair Neal agus uncail Neil go léir mar Theachtaí Dála.

‘Ní droch-rud é nuair nach bhfuil tú ach 65 vóta taobh thiar de Cowen,’ a dúirt an Seanadóir Blaney nuair a fógraíodh an toradh.

Dúirt an tUasal Cowen gur ‘onóir agus pribhléid mhór’ a bhí ann a bheith roghnaithe agus gheall sé ‘a chinntiú go mbuafaidh Fianna Fáil suíochán ar ais’ sa toghcheantar.

Tá cinneadh le déanamh ag an bpáirtí anois faoi iarrthóir eile a bheith sa toghcheantar.

Ag caint ag an gcomhdháil aréir, d’impigh Robert Troy, TD de chuid Fhianna Fáil Longfoirt-na hIarmhí (Longford-Westmeath) ar an bpáirtí ‘an ticéad a thabhairt chun críche gan mhoill’, ag cur leis: ‘Caithfidh muid leas a bhaint as an bhfuinneamh agus as an díograis a bhí i ngach bothán inniu go ceann 14 seachtaine.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram