

Dhá ábhar a pléadh ná an Intleacht Shaorga agus na pleananna do níos mó poist Ghaeilge faoi 2030, ag Ard-Fheis.
Bhí sé ar siúl ón 21-23 Aibreán i nGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge, ag tabhairt le chéile breis is 100 dalta ó 12 scoil ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí bríomhara agus imeachtaí cultúrtha.
Bhí an oscailt oifigiúil ar siúl tráthnóna Dé Máirt i gColáiste na Rinne, le haoichainteoirí, Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Aoife Ní Chonchúir ó Údarás na Gaeltachta, agus Caibríní de Barra, Bainisteoir Forbartha le Comhlacht Forbartha na nDéise.

Dé Céadaoin, ghlac daltaí páirt i réimse ceardlann, ina measc seisiúin ar chearta teanga agus na meáin shóisialta, chomh maith le siúlóid dúlra timpeall na nDéise.
Bhí céilí an oíche sin, le ceol ó dhaltaí áitiúla ag tabhairt na scoláirí le chéile chun a dteanga agus a gcultúr a cheiliúradh.
Thar na trí lá, thug na daltaí cur i láthair ar phríomhthéamaí Ard-Fheis na bliana seo – Cúrsaí Intleachta Saorga : Deiseanna agus Dúshláin nó Spriocanna Earcaíochta Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoin mbliain 2030.
Bhí cuir i láthair cruthaitheacha, físeáin agus amhráin i measc na mbealaí ar chuir siad a gcuid smaointe in iúl.
Bhí deis ag na daltaí vótáil ar son nó i gcoinne na rúin a cuireadh i láthair agus cuirfear na rúin a ritheadh le linn na hócáide faoi bhráid Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge anois.
I measc na mór-rún a ritheadh ag Ard-Fheis na nÓg bhí:
Bronnadh trí ghradam ar an Déardaoin mar aitheantas ar ardchaighdeán na gcur i láthair:

Bhí plé painéil Gairmeacha le Gaeilge ar siúl freisin ar an Déardaoin ina raibh Mollaí Nic Eochaidh mar bhean an tí, Caibríní de Barra, Laoise Keevers, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an tionscnamh Barr na gCnoc, agus an craoltóir Joe McGee, a roinn léargais ar an raon leathan deiseanna gairmiúla atá ar fáil trí Ghaeilge.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.