Agallamh le Róisín Ní Thomáin: Scéal faoi pháistí atá dearmadta in Éirinn faoi cheilt

Craoladh an clár Intinní Aille – Beautiful Minds ar RTÉ a hAon an tseachtain seo caite agus labhair an láithreoir Róisín Ní Thomáin le Aoife Ní Bhraoin faoina thionchar uirthi.

Scéalta misnigh agus coscrach a bhí san agallamh le Róisín Ní Thomáin agus í ag caint faoi Intinne Aille ach d’inis sí dom freisin faoin turas pearsanta a thug sí féin leis an chlár.

Thug Intinní Áille ardán do dhaoine néara-éagsúil (neurodiverse) timpeall na tíre agus daoine a mbíonn ag streachailt le huathachas (autism) agus ADHD.

Agus bhí fonn ar Róisín, atá ag obair mar mhúinteoir le fiche bliain anuas, eolas a fháil ar an measúnú ADHD. Chreid sí go raibh seans ann go raibh ADHD uirthi féin.

Riley agus Savannah
Riley agus Savannah

Dúirt sí go gcreideann sí go mbeidh sí in ann tacaíocht níos fearr a thabhairt do pháistí ina rang, agus a tuismitheoirí, faoin bpróiseas measúnú.

‘Ag dul isteach ann, tá tú cineál neirbhíseach. Mar dhuine fásta, tá sé an-eagsúil a bheith ag suí le dochtúir. Chuir sí faoi agallamh mé faoi mo shaol ar fad ar feadh uair go leith.

‘Ní bhíonn comhrá mar sin agat go minic. Bhí sé sin an-éagsúil domsa. Sílim gur rud maith é go bhfuil sé déanta agam.’

Dhírigh cuid den chlár ar pháistí ar an speictream atá ag streachailt áit scoile a fháil. Agus labhair Róisín go mothúchánach liom faoi na páistí sin.

Bhuaileamar le cúpla atá 13 bliain d’aois: Riley agus Savannah.

Tá uathachas ar Riley agus tá sé neamhbhriathartha (non-verbal). Ach tá Savannah néaraitipiciúil. Tá cónaí orthu i mBaile Munna.

‘Ó Mí Lúnasa go dtí Mí Feabhra, ní raibh aon áit scoile aige. Bhí an páiste sin ag freastal ar ionad pobal le teagascóir leis féin. Bhí sé chomh huaigneach an scéal seo a chloisteáil,’ arsa Róisín liom.

‘Bhí Riley ag cailleadh amach ar chomhluadar, cairde – bhí sé ag iarraidh dul ar scoil. Bhí sé ag fanacht chuile lá beo leis an tacsaí le teacht agus é a thabhairt ar scoil, mar a bhí sé á dhéanamh anuraidh.

‘Bheadh ar na tuismitheoirí a rá leis chuile lá ‘No school, Riley. No school’. Bhí sé sin dochreidte domsa nach bhfuil na spásanna do pháistí againn i 2025 agus 2026, agus nach bhfuil muid in ann a bheith réidh do pháiste ar nós Riley, a bhí áit ag teastáil uaidh i scoil speisialta.

‘Bhí a fhios acu (tuismitheoirí Riley agus Savannah) go raibh orthu coinneáil orthu ag troid go dtí go bhfuair siad áit. Sílim féin go mbeinn briste. Thuig Savannah freisin nach raibh sé seo ceart. Thuig sise gur ceart dó a bheith ar scoil.

‘An íomhá is brónaí ná Riley agus a mháthair ag súil go dtí an t-ionad phobal sin leo féin chuile lá le beagáinín foghlaim a fháil dó, agus súil ar ais arís leo féin. Taitníonn sé go mór leis a bheith thart ar dhaoine. Bhí Savannah ag insint dúinn go mbíonn sé ag dul thart léi agus lena gcairde.

D’inis Róisín dom go bhfuil páiste ag cara aici atá ar liosta feithimh urlabhraí teanga ar feadh 4 bliana.

‘Fuair sí litir le gairid a rá an bhfuil tú ag iarraidh fanacht ar an liosta feithimh? Beidh tionchar mór aige sin ar an bpáiste. Má dhéanann tú gach rud agus an páiste óg, feabhsaíonn rudaí i bhfad níos sciobtha.‘

Dúirt Róisín liom freisin, nuair a bhí sí ag caint lena dochtúir, gur thosaigh sí ag smaoineamh ar a raibh le déanamh againn go léir chun na fadhbanna seo a réiteach.

‘I mbun comhrá, thosnaíos ag smaoineamh liom féin an bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhoird ar na daoine seo?

‘Níl muid in ann é seo a réiteach thar oíche. Ach má chuireann muid daoine isteach atá in ann na seirbhísí seo a chur ar fáil, cinnte beidh feabhas ar rudaí,’ a dúirt Róisín.

‘Má tá rang níos lú, agus cúntóir riachtanais speisialta sa rang, is féidir níos mó a dhéanamh. Ach faraor, níl cúntóir riachtanais speisialta i ngach rang.’

Labhair Róisín freisin faoin chaoi a gcuireann an clár an próiseas diagnóis in Éirinn i láthair agus éifeachtaí na néara-éagsúlachta ar pháistí agus ar a gcuid tuismitheoirí.

‘Tá muid ag feiceáil níos mó páiste néara-éagsúil ar scoil, agus tá mé ag cur aithne níos fearr ar dhaoine fásta atá néara-eagsúil,’ arsa Róisín.

‘Cheap mé gur ábhar spéisiúil a bheadh ann dúinn uilig – daoine fásta agus daoine óga é a fhiosrú, agus breathnú freisin ar an mbealach atá go leor daoine ag fáil diagnóis, toisc go bhfuil a gcuid páistí ag fáil diagnóis freisin.

‘Cheap mé go raibh sé sin thar a bheith spéisiúil, go ndeachaigh daoine fásta tríd an saol gan diagnóis; ach tríd a gcuid páistí tá siad ag fáil amach go bhfuil siad néara-éagsúil.

Róisín agus a máthair
Róisín agus a máthair

‘Tá sé sa nuacht go mór le déanaí go bhfuil sé deacair measúnú a fháil. Tá sé deacair coinne a fháil le síceolaí.

‘Agus is cinnte freisin nach bhfuil measúnú á fháil ag daoine in am. Agus uaireanta cruthaíonn sé sin fulaingt don leanbh go háirithe, agus do dhaoine fásta a cheapann go bhfuil ADHD orthu.

‘Tá siad ag tosú i mbliana, ach faoi láthair ní féidir measúnú a fháil ar ADHD agus tú i do dhuine fásta tríd an chóras phoiblí.

‘Ciallaíonn sé sin mura bhfuil athchoinne agat íoc as an measúnú, ní féidir an measúnú a fháil. Ceapaim féin go bhfuil sé sin iomlán mícheart. Má cheapann tusa agus do dhochtúir teaghlaigh go bhfuil an measúnú ag taisteal ag duine, ba cheart go mbeadh siad in ann é a fháil.

‘Níl sé ceart go mbeadh daoine ag fanacht ar feadh na mblianta leis an bhfreagra a fháil, agus na seirbhísí cearta a fháil,‘ arsa Róisín.

  • Tá Intinní Áille ar fáil ar Seinnteoir RTÉ.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram