

Dúirt Michael O’Leary le hElon Musk go bhfuil méadú tagtha ar díol ticéad do Ryanair ó tháinig conspóid phoiblí chun cinn idir an bheirt bhilliúnaí faoi chostas aeróga wi-fi a chur ar eitleáin.
Dúirt sé freisin leis an saoiste Tesla agus X nach féidir leis Ryanair a cheannach, mar nach Eorpach é, ach go bhféadfadh sé infheistíocht a dhéanamh sa chomhlacht.

Tá O’Leary agus Musk páirteach i gcoimhlint phoiblí le roinnt laethanta, ach, in ainneoin fearg Musk, dúirt O’Leary go bhfuil sé ag baint ‘spraoi’ as, agus go bhfuil sé go hiontach do ghnó Ryanair.
Le déanaí, chuaigh an bheirt i mbun achrainn poiblí tar éis do O’Leary a rá nach mbeadh a aerlíne ag úsáid seirbhís wi-fi Starlink, de chuid Musk, ar eitiltí Ryanair. Dúirt sé go gcuirfeadh an tseirbhís idirlín satailíte tarraingt leis na heitleáin agus go n-ardódh sé sin costais bhreosla.
Níor thaitin an ráiteas sin le Musk, a dúirt go raibh O’Leary ‘mí eolach’. Mar thoradh ar an aighneas poiblí, thug an bheirt Phríomhfheidhmeannach ‘amadán’ ar a chéile.
‘N’fheadar in aon chor cén fáth ar ghlac sé an oiread sin masla uaidh,’ a dúirt O’Leary ag preasócáid Dé Céadaoin.
Dúirt sé freisin gur chóras ‘an‑mhaith’ é Starlink, agus go mbeadh sé sásta é a úsáid dá nglacfadh comhlacht Musk leis an gcostas suiteála agus leis an méadú idir €150 milliún agus €250 milliún sa bhliain ar bhuiséad breosla Ryanair.

Ag labhairt dó leis an chlár The Hard Shoulder ar Newstalk, dúirt O’Leary freisin nach dtugann Starlink luach maith ar airgead agus thug sé masla pearsanta do Musk, ag rá nach raibh ‘aon rud ar eolas aige faoi eitiltí’.
‘Tá sé deimhnithe againn ó Boeing cheana féin go mbeadh orainn aeróg a chur ar bharr an aerárthaigh; chosnódh sé sin thart ar 2% i dtarraingt bhreosla,’ a mhínigh sé.
‘Is é an fear céanna a mhol Donald Trump a thoghadh,’ a dúirt sé freisin.
‘Ní thabharfainn aon aird ar Elon Musk. Is amadán é – an‑shaibhir, ach amadán i gcónaí.’
Mar fhreagra air sin, thug Musk ‘amadán iomlán’ ar O’Leary agus mhaígh sé go gceannódh sé Ryanair chun é a bhriseadh as a phost.
Ansin ag preasócáid Ryanair i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt O’Leary go raibh an chonspóid phoiblí idir é féin agus Musk, chomh maith le conspóidí PR eile, tairbheach don ghnó.
‘Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis (Musk),’ a dúirt sé, ag maíomh go raibh méadú tagtha ar díol ticéad Ryanair ó thosaigh an t-achrann.

‘Is breá linn na conspóidí PR seo,’ a dúirt sé, agus é ag cur leis go raibh sé ‘an-sásta leanúint leis an chonspóid’.
‘Spraoi maith atá ann’.
Nuair a d’fhiafraigh The Journal de an leanfadh Ryanair ag úsáid X tar éis é a chánadh, dúirt O’Leary go leanfadh, mar gur slí mhaith é chun an comhlacht a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga ar ardáin ar nós TikTok.
Agus ag leanúint ar aghaidh ag magadh faoi Musk, dúirt sé: ‘Ní féidir le saoránaigh nach Eorpaigh é tromlach úinéireachta a bheith aige in aerlínte Eorpacha. Ach más mian leis infheistíocht a dhéanamh in Ryanair, cheapfaimis gur infheistíocht an mhaith a bheadh ann.
‘Go cinnte, infheistíocht i bhfad níos fearr ná na torthaí airgeadais atá á fháil aige ó X.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.