Lóistín inimirceach: €250m do 12 chuideachta atá lonnaithe thar lear

D’íoc an Stát €1.9bn chuig gnólachtaí príobháideacha a chuir lóistín éigeandála ar fáil i 2024

Tá aon trian de na gnólachtaí a chuireann lóistín ar fáil d’iarrthóirí tearmainn sa stát lonnaithe i dtearmainn cánacha thar lear (offshore tax havens).

I measc na 37 comhlacht ba mhó a fuair conarthaí ón Stát le haghaidh lóistín, bhí 12 dóibh lonnaithe thar lear cé go raibh siad ag fáil íocaíochtaí ar luach €250m ón rialtas.

Bhí trí chomhlacht eile ón ngrúpa a chuir lóistín éigeandála ar fáil, a fuair íocaíochtaí ar luach €60m, lonnaithe sa Ríocht Aontaithe.

Dúirt Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre nach raibh an córas lóistín ‘inmharthana’
Dúirt Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre nach raibh an córas lóistín ‘inmharthana’

Dúirt Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre nach raibh an córas lóistín ‘inmharthana’.

Dúirt an Teachta: ‘Taispeánann na figiúirí seo go bhfuil córas ceart ag teastáil ón Stát le dul i ngleic le riachtanais an Stáit.’

Dar le figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo, d’íoc an Roinn Lánpháirtíochta €1.9bn ar a laghad chuig gnólachtaí príobháideacha a chuir lóistín éigeandála ar fáil i 2024.

Fuair na 10 gcomhlacht ba mhó íocaíochtaí ar luach €366.6m ón rialtas anuraidh, méadú 14% ar an €321m a fuair na comhlachtaí seo i 2023.

Go minic bíonn úinéirí na gcomhlachtaí a chuir lóistín éigeandála ar fáil lonnaithe thar lear.

San iomlán, fuair 12 comhlacht atá baint acu le tearmainn cánacha os cionn €243,355,847.27 ón rialtas anuraidh.

Fuair an comhlacht Cape Wrath Hotel Unlimited Company, atá i gceannas ar an ionad Citywest i mBÁC, íocaíocht ar luach €70.8m le bheith mar ionad fáilte do dhaoine a bhí ag lorg tearmainn nó cosaint idirnáisiúnta.

Ach cé go bhfuil an comhlacht a chuir lóistín ar fáil lonnaithe in Éirinn go hoifigiúil, dar leis an eagraíocht VisionNet tá úinéirí an chomhlachta seo, Alva Glen Investments Limited, lonnaithe thar lear don chuid is mó.

Is le Hotel Developments Limited, comhlacht atá lonnaithe i nGeansaí (Guernsey), 27% de scaireanna an chomhlachta seo.

Is le Green Hill Technology Limited, comhlacht atá lonnaithe in Oileáin Bhriotanacha na Maighdean (British Virgin Islands), 10% de na scaireanna.

Chomh maith, fuair an comhlacht Mosney Unlimited Company, atá lonnaithe in Éirinn, íocaíocht €39m ón stát
Chomh maith, fuair an comhlacht Mosney Unlimited Company, atá lonnaithe in Éirinn, íocaíocht €39m ón stát

Ina theannta sin, is le Brayden Ltd agus Tamzin Ltd 17.5% de na scaireanna. Tá na comhlachtaí seo lonnaithe ar Oileán Mhanainn.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil 54% de na scaireanna a bhaineann le Cape Wrath faoi úinéireacht eachtrach.

Chomh maith, fuair an comhlacht Mosney Unlimited Company, atá lonnaithe in Éirinn, íocaíocht €39m ón stát.

Tá 96.67% de scaireanna an chomhlachta seo faoi úinéireacht ag comhlacht eile, Sonning Unlimited, atá lonnaithe in Oileán Mhanainn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram