Fearg faoi lóistín do mhic léinn i nGaillimh mar gheall ar easpa spásanna do charranna

Éilíonn iarrthóir toghcháin áitiúil spásanna breise do charranna agus é ag déanamh magadh faoi thodhchaí útópach, saor ó charranna agus ‘muid go léir ag rothaíocht go sona sásta lenár gciseáin lámhfhite (hand-woven baskets) chuig margadh bia orgánach (organaic food market) in aice láimhe’

D’fhéadfaí stop a chur le pleananna Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun breis lóistín a chur ar fáil do mhic léinn mar gheall ar easpa spásanna do charranna.

Deir Pádraig Lenihan, iarrthóir Lár na Cathrach don pháirtí Aontú, nár cheart na lóistín breise a chur ar fáil i dTír Oileáin (Terryland) mura bhfuil méadú ar spásanna do charranna, de réir tuairisce sa Galway City Tribune.

Easpa spásanna do charranna: Pádraig Lenihan, iarrthóir Lár na Cathrach don pháirtí Aontú
Easpa spásanna do charranna: Pádraig Lenihan, iarrthóir Lár na Cathrach don pháirtí Aontú

Tagann an t-éileamh lá tar éis don Aire Ardoideachais Simon Harris pleananna a thabhairt isteach chun lóistín breise a thógáil do mhic léinn ollscoile ar fud na tíre.

Dúirt Lenihan go mbeidh an togra le haghaidh 257 seomra leapa ar Bhóthar Chúil Each (Coolough Road) ag cur isteach ar chónaitheoirí áitiúla mar nach mbeidh go leor spáis ann do charranna.

Thug an Galway City Tribune le fios an tseachtain seo caite go bhfuil cead pleanála á lorg ag Montane Developments le líon na seomraí codlata san fhorbairt don suíomh 2.75 acra in aice le Crestwood a mhéadú ó 248 (ceadaithe cheana féin) go 257, le páirceáil d’ocht gcarr.

Simon Harris College Lecture Feature 768x448 1

Plean infheistíochta le
haghaidh níos mó áiteanna
cónaithe do mhic léinn
Cliceáil ANSEO

Dúirt Lenihan: ‘Tá sé beartaithe ag an togra páirceáil d’ocht gcarr, ach 370 spás rothar.’

Dúirt sé freisin: ‘Cé gurbh fhéidir gur mhian le cuid acu go mairfimid i dtodhchaí utopian, saor ó charranna agus muid go léir ag rothaíocht go sona sásta lenár gciseáin lámhfhite chuig margadh bia orgánach in aice láimhe, tá carranna ag go leor mac léinn.

studen acc1
Plean le haghaidh tuilleadh lóistín do mhic léinn i nGaillimh

‘Is amhlaidh freisin do na cuairteoirí a mbeidh ann ar cíos sa samhradh.’

Dúirt sé gur chruthaigh coimpléasc na mac léinn Westwood sa Daingean (Dangan) fadhbanna do chónaitheoirí áitiúla mar gheall ar fhadhb do charranna.

Dúirt sé: ‘Ba cheart don Chomhairle Cathrach diúltú don mhéadú atá molta, mura bhfuil áiseanna páirceála, mar a oireann do líon na seomraí codlata, san áireamh sna pleananna.’

In 2020, tugadh cead pleanála do Montane do 248 seomra codlata, chomh maith le níocháin phobail (communal laundry), ionad aclaíochta/giomnáisiam agus limistéar seimineáir, le páirceáil d’ocht gcarr.

Simon Harris 1 768x448 1
Simon Harris

Dhaingnigh an chuideachta oibreoir don choimpléasc, a d’iarr méadú ar líon na seomraí codlata ansin.

Is féidir le baill den phobal aighneachtaí a dhéanamh ar an iarratas pleanála nua agus iad a sheoladh chuig Halla na Cathrach roimh 1 Feabhra.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram