

Tá sé de nós againn Kellie Harrington a fheiceáil ina fearas dornálaíochta, ach bhí sí ina banríon faisin ag na Irish Post Awards i Londain.
Chaith Kellie ‘jumpsuit’ galánta ar an gcairpéad dearg ag an ócáid, a thugann ómós d’obair diaspóra na hÉireann sa Bhreatain.
Léirigh Kellie go bhfuil neart álainn sa ghúna ‘strapless’, airgid agus glas.

Bhí gruaig donn Kellie i gcocán(bun), rud a cheadaigh radharc soiléir ar a muince óir, a raibh na fáinní Oilimpeacha air.
Shuigh an bhean spóirt in aice leis an gceoltóir as na Wolfe Tones Tommy Byrne ag na gradaim.
Is dlúthchairde iad Kellie agus Tommy, agus thug an banna Kellie amach ar an stáitse ag Electric Picnic níos luaithe i mbliana.
D’fhreastail Ryan Tubridy ar na gradaim freisin, agus bhí cuma mhaith air i tuxedo.

Bhí iar-óstach an Late Late Show sásta agus é ag fanacht le dámhachtain (award) a fháil ag an ócáid.
Bhuaigh Ryan an Gradam ‘Outstanding Contribution to Broadcasting’ ar an oíche, rud a dúirt an láithreoir, atá 51 bliain d’aois, a bhí sé sásta leis.
Bhí Ryan, a raibh a chailín Clare Kambamettu in éineacht leis, ag seasamh le haghaidh pictiúir agus ag meascadh le go leor réaltaí Éireannacha.

Dúirt Ryan: ‘Is mór an onóir dom glacadh leis an ngradam seo ó institiúid Angla-Éireannach (nó b’fhéidir, Éireannach-Angla).
‘Bliain an-dearfach a bhí ann go pearsanta agus go proifisiúnta ar bhealach agus cuirtear fáilte mhór roimhe seo.
‘Buíochas don Irish Post as an bhfáilte chroíúil go Londain!’
Ba iad an láithreoir Eamonn Homes agus an t-amhránaí tíre Lisa McHugh a d’óstáil an ócáid.

Agus bhí go leor daoine cáiliúla eile ag na gradaim, a reáchtáladh ag Grosvenor House mór le rá i Londain.
Bhuaigh Laura Whitmore gradam freisin as ‘Outstanding Contribution’ le Scannán, Teilifís agus Amharclannaíocht.
Chaith Laura, atá 39 bliain d’aois, ‘pantsuit satin’ le Yves Saint Laurent don ócáid, ina raibh ‘capri pants’.
Dúirt sí: ‘Tá mé chomh bródúil as a bheith Éireannach cibé tír ina bhfuil mé ag obair.’
Bhí Una Healy ann i stíl freisin, agus í ag caitheamh gúna Karen Millen a raibh sequins air, agus bhí cuma galánta ar Imelda May i mionghúna ar an stíl ‘pinafore’, péireáilte le buataisí ar airde glúine.



• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.