Tá Kellie Harrington ag ligean a scíth faoi dheireadh agus ag baint sult as luach saothair a cuid oibre crua.
D’eitil buaiteoir an bhoinn óir ar saoire iar-Oilimpeach lena bean chéile Mandy Loughlin agus roinn sí pictiúr den bheirt in aice leis an linn snámha.
Bhí Kellie, atá 34 bliain d’aois, agus a bean chéile Mandy ag fanacht in óstán le linn snámha éigríochta (infinity) ar an díon a bhreathnaigh amach thar farraige.
Agus tar éis di dícheall a dhéanamh ag dornálaíocht sna Cluichí Oilimpeacha agus ag buachan boinn d’Éirinn, bhí an chuma ar an scéal go raibh siad chun an leas is fearr a bhaint as na laethanta saoire.
Thum an lánúin a méara coise san uisce agus iad ina suí lena lámha thart ar a chéile, ag amharc go sona ar shúile a chéile.
Chuaigh Kellie agus Mandy ar shiúlóid timpeall an bhaile ina dhiaidh sin chun pictiúr a fháil le beirt chara ar shráid a bhí maisithe le bratacha bród.
In ainneoin a bheith ar saoire, bhí Kellie fós ag caitheamh a fearas lúthchleasaíochta, le brístí oráiste agus ‘bra’ spóirt dubh.
Tagann sé seo tar éis an teacht abhaile iontach a bhí ag Kellie ó na hOilimpeacha go Rae Portland i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite, tar éis di bonn óir a bhaint amach ag Cluichí Oilimpeacha Pháras.
Nóiméad mothúchánach a bhí ann do Kellie, a d’fhógair go bhfuil sí ag éirí as an spórt, agus bhí deora áthais le feiceáil agus í ag siúl tríd an slua.
Agus í ag fógairt go raibh sí ar scor, dúirt an buaiteoir dhá bhonn óir Oilimpeach go ndíreofaí sí, sa chéad chéim eile dá saol, ar a pósadh le Mandy.
Dúirt Kellie: ‘Beidh an chéad chaibidil eile ina chaibidil de mo shaol. Tá sé fúmsa agus Mandy anois an rud atá ar siúl againn a dhéanamh.’
Agus is cosúil go bhféadfadh an tsaoire seo a bheith mar thús na chéad chaibidil eile sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.