Ceisteanna do Tusla faoi bhás 53 leanbh

29/10/2024

Tá brú ar an Aire Leanaí Roderic O’Gorman agus Tusla teacht os comhair coiste Dála roimh an toghchán

Tá Kyran Durnin ar dhuine de 53 leanbh a fuair bás agus iad ar radar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, le trí bliana anuas.

Tá an tAire Leanaí Roderic O’Gorman agus Tusla faoi bhrú anois teacht os comhair coiste Oireachtais.

Tá ceisteanna ann faoi shábháilteacht na ndaoine a thagann faoi shainchúram Tusla, nó ar cuireadh iad ar eolas faoina gcúinsí.

Tá imscrúdú dúnmharaithe ag leanúint ar aghaidh ar chás an bhuachalla scoile Kyran, as Dún Dealgan (Dundalk), Contae Lú.

Kyran Durnin
Kyran Durnin

Bheadh ​​sé ocht mbliana d’aois anois agus ní raibh sé le feiceáil le dhá bhliain ar a laghad.

Léiríonn figiúirí nua go bhfuil deichniúr leanbh a bhí faoi chúram an Stáit, nó a raibh aithne ag an Stát orthu, tar éis bháis a fháil go dtí seo i mbliana.

Sin sa bhreis ar 26 i 2023, agus ar a laghad 16 i 2022. Ní fhacthas Kyran beo ó 2022 i leith.

Rinne TD amháin cur síos ar an gcás mar ‘go hiomlán tubaisteach’.

Níl Kyran curtha san áireamh i dtaifid oifigiúla an Stáit go dtí seo, mar níl siad ar fáil ach go dtí deireadh an tsamhraidh.

Creideann na Gardaí go bhfuil Kyran marbh, rud a fhágann go bhfuil líon na bpáistí a fuair bás ó 2022, agus iad faoi chúram Tusla, nó a raibh aithne ag an ngníomhaireacht orthu, ag 53.

Níor nochtadh cúis bháis i dtromlach na gcásanna sin.

Reáchtáladh ‘vigil’ do Kyran oíche Luain agus na gardaí ag déanamh measúnú ar na chéad chéimeanna eile sa chás.

Dúirt Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, nach bhfaca sé cás mar seo le 40 bliain.

Spreag an cás imní freisin faoi chumas na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach a chinntiú go bhfuil cosaintí ceart i bhfeidhm do leanaí.

Peadar Tóibín le ceisteanna ar Tusla
Peadar Tóibín le ceisteanna ar Tusla

Dúirt ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, go bhfuil na figiúirí, a fuair sé agus a thaispeánann an líon leanaí a fuair bás agus iad faoi chúram Tusla nó a raibh aithne ag an ngníomhaireacht orthu, ‘uafásach’.

Dúirt sé: ‘Is cás fíor-thubaisteach é seo; tá sé ag tarlú i gcónaí le roinnt blianta anuas.’

D’iarr sé ar Tusla, chomh maith leis na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus Ógánaigh (CAMHS), agus an tAire O’Gorman, teacht i láthair ag Coiste Leanaí an Oireachtais roimh an olltoghchán.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram