Tá teaghlach mná Éireannach Hannah Leonard tar éis labhairt faoina gortuithe tar éis di a bheith buailte ag carr san Iodáil.
Tá ‘gortuithe inchinne uafásacha’ aici tar éis na timpiste.
Bhí sí ag traenáil sa tSicil le haghaidh Maratón Bhaile Átha Cliath, a bheidh ar siúl an Aoine seo chugainn, nuair a chur carr í ‘ag eitilt trasna an bhóthair’.
Bhí Hannah sa chúpla ciliméadar deiridh dá rith fada ag cosán coisithe (pedestrian path) nuair a seoladh ‘thart ar 15 troigh trasna an bhóthair’ í, níos luaithe sa mhí.
Tar éis di ‘titim ar a ceann’, ‘d’fhulaing sí gortuithe uafásacha inchinne’ agus bhí sí trí huaire an chloig faoi obráid.
Baineadh píosa mór dá cloigeann chun rochtain a fháil ar a inchinn agus an brú fola a mhaolú.
Dúirt a teaghlach go bhfuil an píosa cloigeann fós le hathsholáthar agus go bhfuil sí fós san ICU.
‘Ní raibh an phrognóis tosaigh go maith, ach dúirt na dochtúirí sa tSicil gur mheas siad go raibh Hannah cosúil lena ndeirfiúr óg agus gheall siad gan éirí as,’ a dúirt a teaghlach.
‘Ón obráid tosaigh tá roinnt rudaí breise déanta ag Hannah lena n-áirítear “tracheotomy” agus cuireadh catheter ar a ceann chun an iomarca sreabhach inchinn (brain fluid) a bhaint,’ a dúirt siad.
Tá sí ag fáil scananna CT go minic freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar a hinchinn.
Mar sin féin, tá sí i gcóma ó tharla an timpiste.
‘Tá roinnt dóchais ag teacht orainn toisc go bhfuil sí tar éis tosú ag freagairt don teagmháil agus ag déanamh mionghluaiseachta, ní fios cén chuma a bheidh uirthi fós,’ a dúirt a teaghlach.
Chuir ball den teaghlach clár tiomsaithe airgid GoFundMe ar bun chun cabhrú leis na costais.
Tá siad ag iarraidh €75,000 a bhailiú agus cheana féin tá os cionn €69,000 bailithe acu.
Más mian leat síntiús a thabhairt don GoFundMe, cliceáil ANSEO.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.