Bean Éireannach ‘criticiúil’ tar éis di bheith buailte ag carr san Astráil

06/12/2022

Tá bean Éireannach i ‘riocht chriticiúil’ tar éis di bheith buailte ag gluaisteán san Astráil.

Bhí Chloe Murphy, as Cinn Mhara, Co na Gaillimhe, i Brisbane, san Astráil nuair a bhuail carr í thar an deireadh seachtaine. Tá sí i riocht criticiúil san ospidéal faoi láthair i ndiaidh na heachtra, dar lena teaghlach.

Bhunaigh a haintín Tina O’Brien GoFundMe chun cabhrú le Chloe agus a teaghlach, agus tá os cionn an sprioc €30,000 bailithe aici i lá amháin.

‘Inné fuaireamar an nuacht is measa a d’fhéadfadh a bheith ann, nach bhfuil aon duine ag iarraidh a fháil riamh, ach bhuail gluaisteán san Astráil ár gcailín álainn Chloe,’ a deir an tuairisc GoFundMe.

brisbane
Brisbane

‘Tina is ainm dom agus is mise a haintín agus tá an leathanach seo eagraithe agam chun cabhrú lena teaghlach.’

Mhínigh Tina go bhfuil deartháir Chloe, Jay, ag taistil faoi láthair le bheith in éineacht lena dheirfiúr, agus tá a tuismitheoirí Nora agus Tommy, ar leo Eurospar sa sráidbhaile, ag taistil freisin.

‘Tá a fhios ag aon duine a bhfuil aithne aige ar Chloe gurbh í croí an chomhluadair gach áit a ndeachaigh sí,’ a deir an cur síos. ‘Chaith sí an saol ab fhearr, agus ba mhaith linn í a chur ar ais chuige sin arís.’

Sheol Tina teachtaireacht faoi Chloe tar éis na timpiste, ag rá: ‘Duine ar bith a d’fhéadfadh cabhrú linn ar aon bealach, ba mhór againn é, mar tá am costasach ag teacht.

‘Chloe, tá an oiread sin grá againn duit, le do thoil, lean ort ag troid mar is trodaire tú… Go raibh maith agaibh do gach duine.’

Tá os cionn €30,000 bailithe ó thosaigh an ‘fundraiser’ Dé Luain.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram