

Is féidir le hionfhabhtú (infection) Covid tionchar a imirt ar athlasadh in ‘lárionad rialaithe’ na hinchinne, de réir tuairisc sa Guardian.
D’fhéadfadh damáiste a bheith mar thoradh air seo a d’fhéadfadh an easpa anála, an tuirse agus an imní a bhíonn ar roinnt othar a mhíniú, a deir taighdeoirí.
Fuair scananna MRI de 30 duine a bhí san ospidéal le Covid go luath sa phaindéim, sular tugadh isteach na vacsaíní, comharthaí athlasadh sa stoc na hinchinne (brainstem).
Is struchtúr beag ach ríthábhachtach é stoc na hinchinne, a rialaíonn feidhmeanna coirp, mar anáil, ráta croí agus brú fola.

Tugann na scananna le tuiscint gur féidir le hionfhabhtuithe tromchúiseacha (severe infections) Covid imoibriú imdhíonachta (immune reaction) a spreagadh a lasann stoc na hinchinne (brainstems).
Is féidir leis an damáiste sin a bheith ina chúis le hairíonna (symptoms) a mhairfidh ar feadh míonna tar éis d’othair a bheith scaoilte ón ospidéal.
‘Tugann an fhíric go bhfeicimid mínormáltachtaí (abnormalities) i gcodanna na hinchinne a bhaineann leis an análú, le fios go bhfuil airíonna fadtéarmacha mar thoradh ar athlasadh sa stoc na hinchinne tar éis ionfhabhtú Covid-19,’ a dúirt an Dr Catarina Rua.
Is néareolaí í in Ollscoil Cambridge agus an chéad údar ar an staidéar.
Tuairiscíonn go leor daoine a bhfuil Covid fada orthu easpa anála agus tuirse, rud a chothaíonn an fhéidearthacht go bhféadfadh athlasadh inchinne a bheith bainteach lena n-airíonna freisin.
‘Ní dhearna muid staidéar ar dhaoine a bhfuil Covid fada orthu, ach is minic a bhíonn iarmhairtí fadtéarmacha acu mar easpa anála agus tuirse,’ a dúirt sí.
‘Tá siad seo cosúil leis na hairíonna a bhí ag na daoine a raibh tionchar mór orthu sé mhí tar éis dóibh a bheith san ospidéal.
‘Spreagann sé dúinn an cheist a chur, an bhfuil aon athruithe stoc na hinchinne ag daoine le Covid fada?’
Glacadh na hothair go léir sa staidéar isteach san ospidéal le Covid dian gar do thús na paindéime.

D’fhéadfadh damáiste do stoc na hinchinne a chur leis na fadhbanna meabhairshláinte a fhaigheann roinnt othar tar éis ionfhabhtú.
As na hothair sa staidéar, bhí na hairíonna fisiceacha is déine agus na leibhéil is airde dúlagar agus imní orthu siúd a raibh na leibhéil is airde d’athlasadh stoc na hinchinne acu, de réir an staidéir a foilsíodh san iris Brain.
‘Cé nach gcruthaíonn an staidéar seo go cinntitheach na cúiseanna atá le Covid fada, taispeánann sé fáth amháin a d’fhéadfadh a bheith ann do chuid de na hairíonna,’ a dúirt Paul Mullins, ollamh le ‘neuro-imaging’ in Ollscoil Bangor.
‘Ní léir go léiríonn sé seo mórán cóireálacha féideartha do Covid fada tar éis dó tarlú, ach b’fhéidir go léiríonn sé an gá atá le freagairtí athlastacha a laghdú le linn ionfhabhtú Covid.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.