Tá Paul Givan, an t-aire DUP ó thuaidh, a dúirt le déanaí go bhfuil an Ghaeilge ‘do chách’, cáinte anois as bualadh le grúpa frith-Ghaeilge, a dhéanann ionadaíocht ar pharaimíleataigh dhílseacha.
Bhuail an tAire Oideachais Paul Givan leis an Loyalist Communities Council (LCC). Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge, áfach, gur iarr siad cruinniú leis an Aire i mí Feabhra ach dhiúltaigh sé bualadh leo.
Dúirt an LCC le Givan gur cheart stop a chur le moladh scoil Ghaeilge a thógáil in oirthear Bhéal Feirste, cé go bhfuil ionadaithe áitiúla tar éis vótáil cheana féin chun é a cheadú.
Is grúpa é an LCC, a bhfuil David Campbell ina chathaoirleach air, a dhéanann ionadaíocht ar an Ulster Volunteer Force, an Ulster Defence Association and an Red Hand Commando.
Bhuail siad le Givan Dé Máirt agus d’inis siad dó, ‘nach bhfuil aon tacaíocht bhríomhar ag an scoil ón bpobal aontachtach agus dílseoirí áitiúil agus nach ndearnadh aon chomhairliúchán le muintir na háite’.
Dúirt iar-cheannaire na hUlster Unionists, Doug Beattie, ar X, áfach, nár chreid sé go bhfuil seasamh an LCC ‘le sonrú ar thuairim thromlach an phobail dílseánaigh’.
I mí an Mheithimh, d’aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste leis an naíonra agus an bhunscoil shealadach atá beartaithe.
Chomh maith leo sin beidh áit bhog súgartha ann, rochtain nua, páirceáil, tírdhreachtú, agus oibreacha coimhdeacha suímh ar thailte in aice le 44 Bóthar Montgomery, in oirthear Bhéal Feirste, leis an iarratasóir Bunscoil na Seolta Bhóthar Ghleann Mhacháin (Glenmachan Road).
Dúirt MP de chuid Sinn Féin John Finucane: ‘Tá pleananna sealadacha ceadaithe cheana féin ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste chun naíonra nua, áit bhog súgartha agus áiseanna bunscoile a thógáil mar óstach do Bhunscoil na Seolta.
‘Tá an Ghaeilge faoi bhláth ar fud ár sochaí agus tá oideachas trí mheán na Gaeilge á fháil ag an líon is airde riamh dár bpáistí agus dár ndaoine óga agus éileamh níos mó agus níos mó ar ár nGaelscoileanna áitiúla.
‘Tá sé scanrúil go bhfuil grúpa ina bhfuil ionadaithe ó dhronga dílseacha ag iarraidh tionchar a imirt ar chinntí faoi thodhchaí ár bpáistí agus faoin gceart oideachas a fháil trí mheán na teanga is rogha leo.’
Ag caint faoi Givan, dúirt sé: ‘Caithfidh an tAire Oideachais a bheith soiléir go ndiúltaíonn a Roinn don éileamh uafásach seo.’
Dúirt urlabhraí do Scoil na Seolta: ‘Cuireann ár scoil timpeallacht shábháilte agus cuimsitheach ar fáil do gach páiste ó oirthear Bhéal Feirste.
‘Le breis agus 100 léiriú spéise ó thuismitheoirí le seachtainí anuas táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh pháistí tríd ár ndoirse go luath.
‘Tá ár scoil go hiomlán neamhspleách, ag teacht ar a mhaoiniú féin, agus ní raibh sí ag brath ar an Roinn Oideachais le haghaidh aon chúnamh airgid.’
Dúirt Conradh na Gaeilge ar X: D’iarr muid cruinniú leis an Aire i mí Feabhra & dhiúltaigh sé don chuireadh sin.
‘Is léir gur tábhachtaí dó cruinniú leis an LCC Cuireann muid i gcuimhne don Aire go bhfuil dualgas reachtúil air an Ghaelscolaíocht a chosaint & a chur chun cinn.’
I mí Márta dúirt Givan: ‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach go gcuimhnímid nach bhfuil teanga ar leith ag pobal ar leith amháin i dTuaisceart Éireann. Tá luach aige ar fud ár bpobal i dTuaisceart Éireann,’ a dúirt sé.
‘Tá sé tábhachtach go ndéarfaimis nár cheart an Ghaeilge a bheith polaitiúil.
Is rud é a chreidim gur féidir a bheith ina teanga chomhroinnte do chách i dTuaisceart Éireann,’ a dúirt Givan ag an am.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.