

Fógraíodh cealú na heitiltí ceithre mhí ó shin. Rinne an Rialtas cinneadh conradh PSO a achtú, cinneadh a chiallaigh go mbeadh ar hothair ailse Dhún na nGall fanacht i mBaile Átha Cliath thar oíche, agus iad tar éis cóir leighis a fháil sa phríomhchathair.
Chuaigh muintir Dhún na nGall i mbun feachtas chun an seirbhís a shábháil. Bhí na ceadta daoine áitiúila bainteach le hagóidí, lena n-áirítear Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh (Sinn Féin) agus Pat ‘The Cope’ Ó Gallachóir (Fianna Fáil).
Labhair Majella O’Donnell faoin fheacthas go paiseanta faoi tábhacht na heitiltí agus í ag labhairt le Patrick Kielty ar an Late Late Show i Mí Feabhra.

Dúirt an ghrúpa fheactas, Seirbhísí agus Eitiltí Ailse Dhún na nGall, ag an am go bhfuil na heitiltí seo thar a bheith tábhachtach d’othair ailse sa chontae.
Chuir sé seo brú ar mhuintir Dhún na nGall. Bíonn go leor acu ag brath ar na heitiltí, toisc nach bhfuil stáisiún traenach sa chontae.

De réir Cumann Ailse na hÉireann, bhí níos mó ná 500 othar curtha i mbaol gan na heitiltí.
Sceideal:
Fágann an chéad eitilt ag 7:55am gach maidin, le filleadh ó Bhaile Átha Cliath ag 12:55pm
Téann an dara eiltilt ag 2:30pm, le filleadh ó Bhaile Átha Cliath ag 6:55pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.