Tá gabháil déanta ag na húdaráis i Los Angeles mar chuid dá bhfiosrúchán ar bhás Matthew Perry.
Dúirt oifig scrúdaitheora leighis Chontae Los Angeles, i dtuarascáil uatóipse (autopsy), i mí na Nollag na bliana seo caite, go bhfuair Perry bás de bharr ‘géar-éifeachtaí Ketamine’.
Thángthas ar an aisteoir, a bhain cáil amach mar Chandler Bing in ‘Friends’, ‘lena aghaidh síos’ i ndeireadh linn snámha ina theach i Los Angeles.
Tá Ketamine, ainéistéiseach (anesthetic) cumhachtach le hairíonna sícideileach (psychedelic properties), á úsáid níos mó mar theiripe mhalartach (alternative) le haghaidh dúlagar (depression), imní agus fadhbanna meabhairshláinte eile.
Úsáidtear é freisin, agus déantar mí-úsáid air, mar chaitheamh aimsire.
Dúirt na póilíní i Los Angeles i mbliana go raibh siad ag obair leis an Riarachán Forfheidhmithe Drugaí (Drug Enforcement Administration, DEA) feidearálach chun foinse Ketamine Perry a fhiosrú, agus bhí siad ag iarraidh fháil amach an bhfuarthas go dleathach é.
Dúirt urlabhraí do chuid Sheirbhís Iniúchta Poist (Postal Inspection Service) na Stát Aontaithe go bhfuil siad ag cabhrú leis an imscrúdú.
Dúirt an tuarascáil uatóipse go raibh Perry ar theiripe insileadh Ketamine, ach chinn sé nach bhféadfadh an méid Ketamine a bhí ina chorp a bheith ón seisiún teiripe deireanach a bhí aige.
Bhí sé sin thart ar sheachtain go leith sula bhfuair Perry bás.
Dúirt sé go raibh an leibhéal Ketamine a fuarthas i fuil Perry comhionann leis an méid a d’úsáidfí le linn ainéistéise ginearálta (general anesthesia).
Bhí stair andúile (addiction) drugaí agus alcóil ag Perry, rud a scríobh sé faoi i gcuimhne (memoirs).
Dúirt oifig an scrúdaitheora leighis gur chuir bá, galar artaire corónach agus Buprenorphine, a úsáidtear chun andúil i ndrugaí a chóireáil agus le haghaidh pian, lena bhás.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.