Bás Matthew Perry: Pléigh dochtúirí ‘Cé mhéad a íocfaidh an mórán seo’, de réir doiciméid

15/08/2024

Tá an cúntóir (assistant) pearsanta a bhí ag Perry, cara leis, beirt dochtúir agus an ‘Ketamine Queen’ i dTuaisceart Hollywood, ainmnithe i ndoiciméid na cúirte

Phléigh dochtúirí atá cúisithe as Ketamine a fháil do Matthew Perry ‘cé mhéad a íocfaidh an “mórán” seo’, de réir dhoiciméid cúirte i Meiriceá.

Dúirt ionchúisitheoirí i gCalifornia gur oibrigh cúntóir (assistant) Matthew Perry agus cara leis, le beirt dhochtúir agus mangairí drugaí (drug dealers) chun Ketamine, ar luach na mílte dollar é, a fháil.

Matthew Perry i Friends
Matthew Perry i Friends

Dúirt siad go raibh an Ketamine le haghaidh Perry, a bhí ag streachailt le fada le mí-úsáid substaintí agus andúile (addiction), sna seachtainí roimh a bhás.

Thángthas ar an aisteoir, a bhain cáil amach mar Chandler Bing in Friends, ‘lena aghaidh síos’ i ndeireadh linn snámha ina theach i Los Angeles.

Dúirt oifig scrúdaitheora leighis Chontae Los Angeles, i dtuarascáil uatóipse (autopsy), i mí na Nollag na bliana seo caite, go bhfuair Perry bás de bharr ‘géar-éifeachtaí Ketamine’.

Deir na doiciméid a tháinig amach Déardaoin gur choinnigh Jasveen Sangha, ar a dtugtar ‘the Ketamine Queen’ uirthi, agus an Dr Salvador Plasencia, ‘teach stash’ i dTuaisceart Hollywood.

Deir siad freisin gur oibrigh an Dr Plasencia chun an Ketamine a fháil go Perry, in ainneoin go raibh a fhios aige go raibh stair de mhí-úsáid drugaí aige.

Cúisíodh an cúntóir pearsanta a bhí ag Perry, Kenneth Iwamasa, dochtúir eile darb ainm Mark Chavez, agus cara de Perry Erik Fleming.

Áirítear ar na cúisimh comhcheilg Ketamine a dhíol, de réir tuairiscí.

De réir na dtuarascálacha, deir na doiciméid gur chuir Dr Plasencia, téacs chuig Dr Chavez maidir le Ketamine a cheannach ar an 30 Meán Fómhair.

Líomhnaítear go raibh sé ag iarraidh an Ketamine a dhíol leis an ‘íospartach (victim) M.P.’

Tá sé deimhnithe ag póilín gur tagairt do Matthew Perry a bhí anseo.

Deir ionchúisitheoirí (prosecutors) gur phléigh an Dr Plasencia leis an Dr Chavez, i dteachtaireacht téacs, an méid airgead a raibh siad chun gearradh ar Perry, ag scríobh, ‘N’fheadar cé mhéad a íocfaidh an mórán seo’, agus ansin, Gheobhaidh amach’.

D’úsáid cuid acu siúd a bhí páirteach sa mhargaíocht aipeanna teachtaireachtaí criptithe (encrypted messaging apps) agus focail chódaithe chun margaí drugaí a phlé, de réir na doiciméid.

Áiríodh orthu tagairt a dhéanamh do bhuidéil Ketamine mar ‘Dr Pepper’, ‘cans’ agus ‘bots’, de réir dhoiciméid na cúirte.

Tá Ketamine, ainéistéiseach (anesthetic) cumhachtach le hairíonna sícideileach (psychedelic properties), á úsáid níos mó mar theiripe mhalartach (alternative) le haghaidh dúlagar (depression), imní agus fadhbanna meabhairshláinte eile.

Thángthas ar an aisteoir ‘lena aghaidh síos’ i ndeireadh linn snámha ina theach i Los Angeles
Thángthas ar an aisteoir ‘lena aghaidh síos’ i ndeireadh linn snámha ina theach i Los Angeles

Úsáidtear é freisin, agus déantar mí-úsáid air, mar chaitheamh aimsire.

Dúirt na póilíní i Los Angeles i mbliana go raibh siad ag obair leis an Riarachán Forfheidhmithe Drugaí (Drug Enforcement Administration, DEA)  feidearálach chun foinse Ketamine Perry a fhiosrú, agus bhí siad ag iarraidh fháil amach an bhfuarthas go dleathach é.

Dúirt urlabhraí do chuid Sheirbhís Iniúchta Poist (Postal Inspection Service) na Stát Aontaithe go bhfuil siad ag cabhrú leis an imscrúdú.

Dúirt an tuarascáil uatóipse go raibh Perry ar theiripe insileadh Ketamine, ach chinn sé nach bhféadfadh an méid Ketamine a bhí ina chorp a bheith ón seisiún teiripe deireanach a bhí aige.

Bhí sé sin thart ar sheachtain go leith sula bhfuair Perry bás.

Dúirt sé go raibh an leibhéal Ketamine a fuarthas i bhfuil Perry comhionann leis an méid a d’úsáidfí le linn ainéistéise ginearálta (general anesthesia).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram