Póilíní as Sasana i mBaile Átha Cliath ar eagla círéibeacha peile (football riots)

Níl aon chumhacht ag póilíní Shasana anseo ach is féidir leo cabhrú leis na gardaí má bhíonn trioblóid ann, a dúirt an Coimisinéir Drew Harris

Tá póilíní Sasanacha i mBaile Átha Cliath le cúnamh a thabhairt do 1,100 garda roimh chluiche sacair an tSathairn idir Éire agus Sasana, agus eagla roimh chíréibeacha foréigneacha (violent riots).

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris gur ‘imeacht neamhghnách’ é cluiche ceannais Shraith na Náisiún ag Staid Aviva.

Beidh ‘ring of steel’ cruach ag na póilíní timpeall na príomhchathrach don chluiche, de réir tuairiscí.

Tabharfaidh an tAonad Ord Poiblí, an tAonad Tacaíochta Armtha agus an tAonad Aerthacaíochta cúnamh d’oifigigh freisin.

Beidh póilíní ó Shasana ag cabhrú leis an tAonad Ord Poiblí
Beidh póilíní ó Shasana ag cabhrú leis an tAonad Ord Poiblí

Ina theannta sin, tá póilíní ó thascfhórsa frith-amhas (anti-hooligan) na Breataine in Éirinn cheana féin roimh an gcluiche.

Tá na póilíní anseo chun lucht achrainn (trouble makers) féideartha a fheiceáil.

Dúirt an Coimisinéir Harris go bhfuil baill d’fhórsa póilíneachta na Breataine atá i mBaile Átha Cliath ‘ag bailiú faisnéise faoi amhsóireacht (hooliganism) peile’.

Dúirt sé go bhfuil gardaí ‘ag obair go han-dlúth leo’ le míonna beaga anuas.

Dúirt sé nach bhfuil cumhachtaí ar bith ag póilíní na Breataine anseo, ach dúirt sé go bhféadfaidís cabhrú le gardaí má bhriseann an t-aimhleas amach.

Beidh baill Aonad Póilíneachta Peile na Ríochta Aontaithe (United Kingdom Football Policing Unit) i láthair i bpríomhsheomra rialaithe an Gharda Síochána, áit a mbeidh siad ag déanamh monatóireachta ar CCTV roimh an gcluiche.

‘Níl aon chumhachtaí póilíneachta acu. I ndáiríre, tá siad ann le breathnú, cabhrú linn agus go deimhin, má tá orainn déileáil le mí-ord, b’fhéidir go mbeidh siad in ann cabhrú linn,’ a dúirt an tUasal Harris.

‘Beidh na póilíní inár seomraí rialaithe agus más gá is féidir linn iad a imscaradh lenár n-aonad ord poiblí freisin.’

Dúirt Drew Harris go bhfuil siad go hiomlán ar an eolas go bhféadfadh corraíl (unrest) a bheith ann
Dúirt Drew Harris go bhfuil siad go hiomlán ar an eolas go bhféadfadh corraíl (unrest) a bheith ann

Dúirt sé go bhfuil na póilíní go hiomlán ar an eolas go bhféadfadh corraíl (unrest) a bheith ann.

Beagnach 30 bliain ó shin, i 1995, bhí círéibeacha le linn cluiche idir Sasana agus Éire ag Bóthar Lansdún, nuair a bhí lucht leanúna Sasanach ag briseadh cathaoireacha sa staidiam agus á n-úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar lucht leanúna na hÉireann.

An uair dheireanach a d’imir Sasana anseo, i 2015, níor tharla a leithéid de mhí-ord.

Mar sin féin tá an dearcadh ann go bhfuil athrú tagtha ar an scéal ó shin i leith.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram