Tiocfaidh ár loyalists! Anois beidh dílseoirí i mBaile Átha Cliath ag tacú le círéibeacha idirchiníocha (race riots) agus foréigean

Cuireann ‘bots’ agus cuntais bhréagacha an milleán ar inimircigh tar éis foréigean ó ghrúpaí i bhfad ar dheis in Éirinn agus sa Bhreatain

Beidh dílseoirí (loyalists) ag taisteal go Baile Átha Cliath anois chun foréigean a thabhairt don chathair, a deir gardaí.

Tháinig an bhagairt i ndiaidh do ghrúpaí i bhfad ar dheis as Baile Átha Cliath taisteal go dtí an Tuaisceart chun trioblóid a thabhairt ar na sráideanna.

Agus cuid mhór den fhuath agus den fhoréigean á spreagadh sa Bhreatain agus in Éirinn, ag ‘bots’ ar líne, spreag úinéir X (Twitter), an billiúnaí Elon Musk, fearg agus é ag maíomh go bhfuil ‘cogadh cathartha dosheachanta (civil war in inevitable)’.

Bhain Musk, a thugann tacaíocht do Donald Trump, úsáid as X freisin chun tacú le héilimh go bhfuil ‘inimirce agus teorainneacha oscailte’ taobh thiar den bhforéigean.

riots feat1

Tar éis deireadh seachtaine corraíl (unrest) le foréigean i mBéal Feirste, tá Tionól Thuaisceart Éireann (Assembly) le hathghairm chun radhairc fhoréigneacha a phlé.

Idir an dá linn, tá na gardaí agus an PSNI ag obair le chéile chun breith ar chuid acu siúd a bhí páirteach san fhoréigean.

I measc na n-agóide frith-inimirceach bhí daoine a bhí ag iompar bratacha na hÉireann, mar aon le bratach ‘Coolock Says No’.

Tá sé ráite ag foinsí slándála go raibh roinnt agóideoirí a bhaineann úsáid as foréigean i mBéal Feirste a bhí páirteach cheana féin sna hagóidí sa Chúlóg (Coolock) i mBaile Átha Cliath, nuair a ionsaíodh gardaí agus nuair a cuireadh foirgneamh trí thine roinnt uaireanta.

Tá brú ag méadú ar rialtais stop a chur le suímh meáin shóisialta mar X ó ligean do ‘bots’ agus cuntais bhréagacha éilimh bhréagacha faoi inimircigh agus foréigean a scaipeadh.

Tá X cúisithe as diúltú tuairimí ciníocha a scriosadh agus é ag ligean do ghníomhaithe conspóideacha ar nós Tommy Robinson agus Andrew Tate ar ais ar an ardán le dhá bhliain anuas.

Bhí bunaitheoir an English Defence League, Robinson, ag spreagadh círéibeacha  idirchiníocha (race riots) sa Bhreatain, le sraith físe ar X, agus é ar saoire sa Chipir (Cyprus).

riots feat2 1

Dúirt an PSNI go bhfuil postálacha ar na meáin shóisialta ag ullmhú le tuilleadh agóidí feargacha agus foréigean a chruthú sa tseachtain amach romhainn.

Agus dúirt gardaí go bhfuil ‘féidearthacht dáiríre’ ann anois go bhféadfadh dronga dílseacha agóidí ó dheas den teorainn a shíothlaigh (infiltrate), dar leis an Irish Daily Mail.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram