Bíonn ar go leor iarrthóirí tearmainn codladh amuigh faoin aer – agus deir siad anois go bhfuil siad ag déileáil le níos mó teannais chiníocha agus foréigean ar na sráideanna.
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin an tseachtain seo go bhfuil ‘an-imní’ air faoi na rioscaí a bhaineann le hiarrthóirí tearmainn nua a bheith ag dul a chodladh amuigh ar na sráideanna.
Bhí an tUasal Martin ag labhairt tar éis dó a bheith deimhnithe nach mbeidh áit chónaithe á thairiscint ag an Stát níos faide do gach iarratasóir nua ar chosaint idirnáisiúnta (international protection, IP).
Caithfidh cuid acu rochtain a fháil anois ar sheirbhísí do dhaoine gan dídean le haghaidh bia agus pluideanna codlata (sleeping blankets).
Dúirt iarrthóir tearmainn amháin atá in Éirinn leis na blianta go raibh na círéibeacha (riots) i gcathair Bhaile Átha Cliath ‘cosúil le buama ama (timebomb)’ ag fanacht le pléascadh.
Dúirt an fear, a thug a ainm mar AK, leis an Irish Mail on Sunday: ‘Ar ndóigh bhí na círéibeacha le teacht. Ní raibh ann ach ceist ama. Ní raibh daoine ach ag fanacht leis an seans.
‘Ní raibh ionadh orm ar chor ar bith. Chuaigh siad ar na meáin shóisialta. I ngach áit, bhí daoine ina suí os comhair a scáileáin agus ansin ag teacht le chéile.
‘Feiceann siad duine atá anseo le 25 bliain agus atá fós ar an tsráid agus deir siad, “Cad atá tú a dhéanamh? Tá sé in am duit imeacht.”’
Tá AK ar dhuine den iliomad iarrthóirí tearmainn a úsáideann foscadh (shelter) Tiglin At The Lighthouse i Sráid an Phiarsaigh (Pearse Street) bi mBaile Átha Cliath, a sholáthraíonn bia, pluideanna (blankets) agus málaí codlata do dhaoine gan dídean.
Dúirt Mohand Ouamar, a tháinig anseo ón Ailgéir díreach os cionn bliain ó shin agus atá ina oibrí deonach ag an bhfoscadh, go bhfuil teannas ciníoch ag méadú sa chathair.
Oíche amháin, tar éis críochnú a chuid oibre ag an bhfoscadh, d’ionsaigh buíon fir óga go brúidiúil é.
‘Tháinig seachtar nó ocht ngasúr aníos chugam agus dúirt siad,
‘Cé hé tusa? Cad as duit?”
‘Dúirt mé gur as an Ailgéir mé agus chaith duine de na guys buidéal Coke i m’aghaidh, agus bhuail fear eile mé le buidéal beorach.
‘Tar éis dom m’aghaidh a ghlanadh agus na spéaclaí a ghlanadh bhrú fear eile mé. Tá sé dodhéanta seasamh in aghaidh ochtar.
‘Ar feadh 10 nó 20 nóiméad bhuail na guys seo me agus bhrú siad chuig an urlár mé. Bhí trí easnacha (ribs) briste agam agus ansin ghoid na guys mo mhála.
‘Rith mé achar fada uaidh agus chuir mé mo lámh ar m’aghaidh agus bhí fuil (blood) ann.
‘Stop mé trí nó ceithre thacsaí chun mé a thabhairt chuig an ospidéal agus níor ghlac éinne liom. Tháinig na gardaí ansin agus thug siad ann mé.’
Dúirt sé: ‘Oibrím le daoine gan dídean anseo agus buailim le daoine a bhfuil fadhbanna acu, ach tá cuid acu ina gcónaí anseo i staid mhaith gan fadhbanna agus gan troideanna.’
Dar le AK, is ar an Rialtas go páirteach atá an milleán as an ardú meon frith-inimirceach, ag rá gur theip orthu ar na hÉireannaigh gan dídean freisin.
‘Ba cheart go mbeadh a muintir féin ina gcodladh ar na sráideanna socraithe ag an Rialtas.’
Go dtí le déanaí, bhí an Tiglin At The Lighthouse ag freastal ar thart ar 80 duine gach lá, ach tá sé seo ardaithe go 500 le seachtainí beaga anuas toisc nach bhfuil rochtain ag níos mó iarrthóirí tearmainn ar sheirbhísí.
Dúirt Aubrey McCarthy, a bhunaigh Tiglin At The Lighthouse i seanbhus a bhí páirceáilte ar Shráid Uí Chonaill i 2006, go dtosaíonn scuainí ag foirmiú lasmuigh den fhoscadh leath uair an chloig ar a laghad sula n-osclaíonn sé.
Dúirt sé leis an Irish Mail on Sunday: ‘Tá sé seo déanta againn le 15, 16 bliana, bhíomar i gcónaí ag cothú thart ar 80 duine in aghaidh an lae. Tá sé seo méadaithe anois go dtí rud ar bith ó 400 go 500. Tá an méadú sin le sé nó seacht mí anuas.
Dúirt an bainisteoir ag an foscadh, Allen Bonnie, go bhfuil siad ag súil le méadú níos mó fós ar an éileamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.