

Tógadh an iníon is óige de chuid James McClean chuig an ospidéal faoi dheifir, tar éis di éirigh níos measa le tinneas, a dúirt a bhean Erin.

Tá ceathrar clainne ag laoch Phoblacht na hÉireann agus a bhean Erin — Allie May, James Jr, Willow Ivy agus Mia Rose.
Tógadh Mia Rose, a rugadh i mí Feabhra na bliana seo caite, chuig an ospidéal tar éis di mothú ‘beagán tinn le cúpla lá anuas’ agus tar éis di a bheith ag ‘troid chun análú’.
Ag roinnt íomhá de Mia ina chodladh i leaba ospidéil, scríobh Erin: ‘Mia-Rose.
‘Tá sí beagán tinn le cúpla lá anuas agus ansin inné d’éirigh sí níos measa.
‘Níl aon rud níos measa mar thuismitheoir, ná do leanbh a fheiceáil chomh tinn agus ag troid chomh crua chun análú,’ a dúirt sí.
Ach buíochas le Dia tá ag éirí níos fearr léi agus tá sí san áit cheart.’
Níl aon sonraí eile faoi riocht Mia deimhnithe ag na tuismitheoirí.
Tá James ar ais in Éirinn an samhradh seo tar éis do na McCleans aistriú go dtí an Bhreatain Bheag, tar éis dó dul isteach sa chlub sacair Wrexham ó Wigan Athletic.
Is leis na réalta scannán Ryan Reynolds agus Rob McElhenney Wrecsam, agus tá scéala ag McClean faoina thaithí ghreannmhar a bhí aige agus é ag fáil téacsanna ó réalta Hollywood tar éis cluichí.
Le linn dó a bheith ar ais in Éirinn, tá James ag obair mar thráchtaire ar RTÉ ar Chraobhchomórtas Peile na hEorpa, na Euros.
Agus – mar a léirigh sé ar an bpáirc pheile – níl eagla ar McClean dul pé áit ar gá dó dul agus é ag trácht ar na cluichí agus na himreoirí.
Tá iarbhainisteoir na hÉireann Stephen Kenny cáinte aige cheana agus dúirt sé nach bhfuil Declan Rice, a d’fhág foireann na hÉireann chun imirt do Shasana, chomh maith lena cháil (overrated).
Chuir an trácht deireanach sin isteach ar roinnt tráchtaire Sasanach atá an-dílis dá bhfoireann féin.
Anuraidh, labhair McClean, atá ina mhac bródúil as Doire, ag rá go bhfuil uathachas (Autism) air.
Socraigh sé dul go poiblí lena Dhiagnóis ar Speictream an Uathachais (Autism Spectrum Diagnosis, ASD) chun tacú le iníon eile atá aice, Willow Ivy.
Bhí sé ag iarraidh a thaispeáint di nár cheart go gcuirfeadh an t-uathachas (autism) bac uirthi an rud atá uaithi a bhaint amach.
D’inis James dá lucht leanúna faoina dhiagnóis agus bhí go leor daoine á mholadh mar gheall ar sin.

Mhínigh sé: ‘Tá athrú saoil tagtha le ceithre bliana anuas, ar bealach iontach, ach freisin an-deacair uaireanta, mar tá a daidí ag breathnú uirthi ag sárú an oiread sin constaicí ina saol agus ag foghlaim conas déileáil leis na dúshláin atá le sárú aici ar bhonn laethúil.’
Lean sé ar aghaidh ag míniú gur thuig sé, de réir mar a d’fhás Willow-Ivy, go raibh nósanna comhchosúla acu a spreag é chun tástáil a dhéanamh.
‘Dá mhéad a d’fhoghlaim Erin agus mé féin faoi uathachas is ea is mó a thosaigh muid ag aithint go raibh mé an-chosúil le Willow ar níos mó bealaí ná mar a cheapamar. Feicim an oiread sin tréithe beaga inti a fheicim ionainn féin. Mar sin bheartaigh mé dul chun measúnú ASD a fháil,’ a dúirt James.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.