Go dté tú slán, James McClean

23/11/2023

Thug lucht leanúna na hÉireann ómós don laoch James McClean ag a chluiche deireanach

Sa spórt in Éirinn tá laochra againn ar an pháirc agus laochra as an pháirc. Tá James McClean ina laoch sa dá cheantar.

D’fhág sé slán oíche Dé Máirt lena thréimhse ag imirt d’Éirinn tar éis 11 bliain, sa chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne.

McClean agus a chlann ag caint leis an Uachtarán roimh an gcluiche Dé Máirt
McClean agus a chlann ag caint leis an Uachtarán roimh an gcluiche Dé Máirt

Agus léirigh an slua a ngrá do McClean agus é ag fágáil na páirce tar éis 68 nóiméad.

Ba é an Captaen Shane Duffy an chéad duine a thug ómós do McClean agus tháinig Andrew Omobamidele, Matt Doherty agus daoine eile suas dó le haghaidh barróga.

Bhí barróga eile agus croitheadh láimhe ina dhiaidh sin nuair a chuaigh McClean den pháirc go mall, ag miongháire agus é gafa sa nóiméad mothúchánach agus an lucht tacaíochta ina seasamh agus ag gliondar ar fud an staidiam.

Ní bheidh McClean ag imirt d’fhoireann na hÉireann arís agus caithfimid an t-ómós atá tuillte aige a thabhairt dó.

An fear lena bhean agus a chlann
An fear lena bhean agus a chlann

Bhí sé féin agus a chlann ina n-inspioráid – ina ndínit (dignity) agus ina gcrógacht (bravery) – in aghaidh naimhdeas (hostility) ó bhaill áirithe den phobal.

Críochnaigh McClean ar 103 caipín idirnáisiúnta agus tá 11 chúl scóráilte ag an fhear ó Dhoire d’Éirinn.

Dúirt Stephen Kenny cheana féin – faoin imreoir a bhfuil aithne aige air ó bhí sé ina dhéagóir – ‘Tá gairm bheatha iontach aige.’

Dúirt sé: ‘Is féidir le himreoirí óga Éireannacha go leor a fhoghlaim uaidh, mar a chuaigh sé i ngleic lena ghairm bheatha. Bhí Éire i gcónaí ar thús ina smaointe, ba é an buaicphointe dó i gcónaí.’

Agus é ag imirt d’Éirinn bhí McClean i gcónaí diongbháilte a dhícheall a dhéanamh.

Le déanaí dúirt sé: ‘Chonaic mé leaids ag tarraingt amach le buille (knock) ach ag imirt dá gclub dhá nó trí lá ina dhiaidh sin. Ní raibh mise mar sin riamh.

mcclean and girl in arms2

‘Chreid mé i gcónaí gur tháinig mo thír roimh mo chlub,’ a dúirt McClean.

Thaitin fuinneamh McClean an oiread sin le Giovanni Trapattoni, pragmataí máistir, gur roghnaigh sé é do chluichí ceannais Euro 2012.

Chuaigh Trapattoni níos faide ansin agus thug sé McClean ón mbinse i gcoinne chumhachta Seaimpíní an domhain An Spáinn i Gdansk – ní raibh ann ach an tríú láithreas Éireannach do McClean.

Bhí sé ina laoch as an bpáirc freisin nuair a d’inis sé dá lucht leanúna faoina dhiagnóis le Uathachas (Autism).

Socraigh sé dul go poiblí lena Dhiagnóis ar Speictream an Uathachais (Autism Spectrum Diagnosis, ASD) chun tacú lena iníon, Willow-Ivy, agus a thaispeáint di nár cheart go gcuirfeadh an t-uathachas (autism) bac uirthi an rud atá uaithi a bhaint amach.

Mhínigh sé: ‘Tá athrú saoil tagtha le ceithre bliana anuas, ar  bealach iontach, ach freisin an-deacair uaireanta, mar tá a daidí ag breathnú uirthi ag sárú an oiread sin constaicí ina saol agus ag foghlaim conas déileáil leis na dúshláin atá le sárú aici ar bhonn laethúil.’

James McCleanWillow-Ivy
Le Willow-Ivy

Lean sé ar aghaidh ag míniú gur thuig sé, de réir mar a d’fhás Willow-Ivy, go raibh nósanna comhchosúla acu a spreag é chun tástáil a dhéanamh.

‘Dá mhéad a d’fhoghlaim Erin agus mé féin faoi uathachas is ea is mó a thosaigh muid ag aithint go raibh mé an-chosúil le Willow ar níos mó bealaí ná mar a cheapamar. Feicim an oiread sin tréithe beaga inti a fheicim ionainn féin. Mar sin bheartaigh mé dul chun measúnú ASD a fháil,’ a dúirt sé.

Tá gach rud a d’fhéadfadh McClean a dhéanamh dá thír déanta aige.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram