Tá Príomh Aire na Breataine Rishi Sunak cáinte ag laoch peile na hÉireann James McClean as tacú le hionsaithe Iosrael ar na Palaistínigh.
Tá McClean, an peileadóir as Doire, ar dhuine de na céadta duine de lucht spóirt na hÉireann a labhair amach faoi na hionsaithe ar Gaza inar maraíodh beagnach 25,000 duine ar fhórsaí armtha Iosrael.
Roinn McClean post a bhí ag Sky News maidir leis an gcoimhlint ar a scéal Instagram agus roinn sé a díomá faoi Sunak freisin.
Scríobh sé: ‘Vile horrible wee weesel of man.’
Agus lean sé ar aghaidh ag caint faoi na daoine neamhchiontacha a mharaigh Iosrael go laethúil, sa Phalaistín le cúpla mí anuas, ‘rud a bhfuil sé i bhfabhar leis ar ndóigh’.
Tá McClean ar dhuine de bhreis is 200 ball de phobal spóirt na hÉireann a d’iarr sos cogaidh i litir oscailte.
‘Irish Sport for Palestine’ a thugtar ar an ngrúpa a scríobh an litir.
I measc na sínitheoirí eile chomh maith le McClean tá sárimreoir rugbaí na hÉireann Keith Earls, Joe Brolly, réalta iomána Luimnigh Will O’Donoghue, iar-imreoirí idirnáisiúnta rugbaí John E Murphy agus Jerry Flannery, iar-bhainisteoir na hÉireann Brian Kerr, iar-imreoir peile idirnáisiúnta na hÉireann Kevin Moran, dornálaí Tyrone McKenna agus iar-imreoir Oilimpeach David Gillick.
Ar dhuine díobh siúd a shínigh an litir tá iar-idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann agus na Leoin, John Robbie. Scríobh sé: ‘Ar mhaithe liom féin (Selfishly), chuaigh mé ar chamchuairt in Apartheid na hAfraice Theas leis na Leoin (Lions) agus le hÉirinn sna 1980í, agus bhí orm maireachtáil leis ó shin i leith.
‘Mar sin tá bród orm m’ainm a chur leis an tionscadal tábhachtach seo.’
Sa litir deir an grúpa: ‘Is é an rud atá ag tarlú in Gaza ná cinedhíothú (genocide). Tá córas Apartheid – coir (crime) in aghaidh na daonnachta– á fhorchur (imposed) ar na Palaistínigh.
‘In ainneoin cáineadh ó na Náisiúin Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil meas orthu ar nós Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (International Committee of the Red Cross), an ‘International Rescue Committee’ agus Medecins Sans Frontieres, agus go leor eile, chuir Iosrael in iúl go soiléir go bhfuil siad ar intinn acu leanúint ar aghaidh ag sárú an dlí idirnáisiúnta.
‘Molaimid do gach duine sa spórt ar fud an oileáin a bheith páirteach inár nglaoch ar shos cogaidh láithreach, go gcuirfí deireadh leis an léigear mídhleathach, go gcuirfí cabhair dhaonnúil ar fáil, agus nach ndéanfaí aon díláithriú éigeantach ar na Palaistínigh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.