Comharthaí a léiríonn go bhfuil do mhadra ag fulaingt ón teas, ó Dogs Trust

Is féidir leis an aimsir the seo dochar a dhéanamh do do mhadra – agus fiú iad a mharú, mar sin tá rabhadh comharthaí eisithe ag Dogs Trust

Agus teochtaí timpeall na tíre sna 20idí an tseachtain seo, tá rabhadh eisithe ag Dogs Trust Ireland d’úinéirí madraí go bhféadfadh an iomarca aclaíochta a bheith contúirteach in aimsir the.

I gcásanna áirithe is féidir leis a bheith marfach fiú do mhadraí, a dúirt siad.

Dúirt Dogs Trust gur féidir fiú aimsir bogthe (warm) agus tais (humid), gan solas na gréine, a bheith láidir go leor chun fadhbanna teasa a chruthú do mhadraí.

Bíonn fadhbanna go háirithe ag pórtha (breeds) le srón beaga cothrom, mar shampla ‘Pugs’ agus ‘French Bulldogs’ in aimsir the.

Fuair ​​​​taighde le déanaí amach go bhfuil seans 14 uaire níos mó ag ‘English Bulldogs’ fulaingt le tinneas teasa ná Labrador Retrievers.

Tá Dogs Trust ag tabhairt rabhadh d'úinéirí gur féidir le aon madra a bheith ag fulaingt ó stróc teasa
Tá Dogs Trust ag tabhairt rabhadh d’úinéirí gur féidir le aon madra a bheith ag fulaingt ó stróc teasa

Seo iad na comharthaí ó Dogs Trust ar chóir duit a bheith ag faire amach dóibh

Gearranáil  (panting) trom nó leanúnach;

Deacracht análaithe;

Easpa fuinnimh nó codlatacht;

Gluaiseachtaí neamh-chomhordaithe;

Prislíneacht (drooling) iomarcach;

Urlacan nó buinneach (Vomiting or diarrhoea);

Taom  (seizure) nó titim.’

An Royal Veterinary College sa Bhreatain a rinne an taighde, i gcomhar le hOllscoil Nottingham Trent.

Fuarthas amach freisin go ndúirt níos mó ná an tríú cuid d’úinéirí madraí a bhfuil aghaidh le srón beaga cothrom orthu, go bhfuil fadhbanna teas ag a gcuid peataí.

Mar sin féin, tá Dogs Trust ag tabhairt rabhadh d’úinéirí gur féidir le aon madra a bheith ag fulaingt ó stróc teasa.

Dúirt an tOspidéal Éigeandála Peataí (Pet Emergency Hospital) i mBaile Átha Cliath go raibh gá le seal san ospidéal ag gach madra a tugadh dóibh le stróc teasa idir Meitheamh agus Lúnasa anuraidh.

Faraor, áfach, is féidir leis an ráta báis a bheith chomh hard le 93%, ag brath ar dhéine an cháis.

Dúirt Niamh Curran-Kelly, bainisteoir tréidliachta agus leasa (veterinary and welfare) ag Dogs Trust Ireland: ‘Is féidir le madraí a bheith ag streachailt go mór le teocht a gcoirp a rialú sa teas, agus bíonn siad soghabhálach (susceptible) do stróc teasa.’

Dúirt sí: ‘Má thugann tú aon cheann de na comharthaí atá againn faoi deara, bog do mhadra láithreach chuig áit níos fuaire agus cuir glaoch ar do thréidlia (vet) a luaithe is féidir le haghaidh comhairle.

‘Dá luaithe a fhaigheann siad cóireáil (treatment) is amhlaidh is fearr a bheidh an seans acu téarnamh (recovery) iomlán a bhaint amach.’

Mhínigh Melanie Kevelighan, Oifigeach Caidreamh Poiblí agus Cumarsáide ag Dogs Trust gurb é an rogha is sábháilte uaireanta in aimsir the ná an madra a fhágáil sa bhaile.

Dúirt sí: ‘Más gá duit do mhadra a thabhairt amach le haghaidh siúlóide, le do thoil ná déan é ach le linn uaireanta níos fuaire an lae, amhail go moch ar maidin nó go déanach san oíche agus coinnigh chomh gearr agus is féidir é.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram