Gortaíodh Gordon Ramsay go dona tar éis timpiste rothaíochta pianmhar

17/06/2024

‘Ní bheinn anseo!’: Rabhadh ‘Lá na nAithreacha (Fathers Day)’ ó Ramsay dúinn, clogad (helmet) a chaitheamh ag rothaíocht

Labhair Gordon Ramsay amach faoi thimpiste rothaíochta ‘uafásach’ a bhí aige sna Stáit Aontaithe.

I bhfíseán a postáladh ar na meáin shóisialta, d’ardaigh sé éide a chócaire chun ballbhrú  mór corcra (big purple bruise) a thaispeáint ar a  torso a raibh cóireáil (treatment) ospidéil de dhíth air.

Ag labhairt don teachtaireacht do ‘na haithreacha (fathers) uilig amuigh ansin’ roimh Lá na nAithreacha, Dé Domhnaigh, leag an réalta Ramsay’s Kitchen Nightmares agus Hell’s Kitchen béim ar thábhachtaí atá sé clogad (helmet) a chaitheamh.

Gordon Ramsay Pic: Robert Prezioso/Getty Images
Gordon Ramsay Pic: Robert Prezioso/Getty Images

‘Is cuma liom cé chomh gearr is atá an t-aistear,’ a dúirt sé, ag cur leis go n-éiríonn an treoir níos tábhachtaí fós nuair a bhaineann sé le rothaíocht le leanaí – ‘caithfidh siad clogad a chaitheamh’.

‘Ba mhaith liom Lá na nAithreacha sona a ghuí oraibh go léir, ach caith clogad le bhur dtoil, le bhur dtoil,’ a dúirt Ramsay.

‘Mura ndéanfainn é, go hionraic, ní bheinn anseo anois.’

Ar a Instagram, roinn Ramsay grianghraf freisin ag taispeáint damáiste suntasach dá chlogad.

Dúirt an cócaire gur tharla an timpiste níos luaithe an tseachtain seo i Connecticut.

An clogad tar éis na timpiste
An clogad tar éis na timpiste

Ghabh Ramsay, atá 57 bliain d’aois, buíochas le máinlianna tráma (trauma surgeons) agus altraí in Ospidéal Lawrence and Memorial a thug aire dó.

Shoiléirigh sé nár ‘bhris sé aon chnámha agus nach raibh aon mhórghortú’ aige, ach go raibh sé ‘beagán brúite agus go raibh cuma cosúil le práta corcra (purple potato)’ air.

‘Tá mé i bpian. Seachtain brúidiúil a bhí ann. Agus táim ceart go leor,’ a dúirt Ramsay.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram