Tír is breá liom: Tá seó comórtas cócaireachta Gordon Ramsay á dhéanamh anseo

Léireofar comórtas cócaireachta teilifíse na Stáite Aontaithe de chuid Gordon Ramsay ag staid fuaime (sound stage) úrnua ag Ashford Studios i gCo. Chill Mhantáin.

Beidh stiúideo Áth na Fuinseoige (Ashford) mar chroílár domhanda don seó teilifíse Fox, Next Level Chef, le Gordon Ramsey.

Tá sé díreach tar éis a athnuachan le haghaidh an tríú agus an ceathrú séasúr.

Dúirt Ramsay, 56: ‘Is deis iontach é mol (hub) domhanda a chruthú in Éirinn do Next Level Chef.

‘Ní hamháin go mbíonn orm seachtainí a chaitheamh ag scannánaíocht i dtír is breá liom, cruthaíonn sé deis tharraingteach dár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta freisin.’

Gordon Ramsay
Gordon Ramsay

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar ag fógairt ‘tiomantais shuntasach’ ar fiú níos mó ná €30 milliún é do léiriúcháin teilifíse in Éirinn agus do sheirbhísí cruthaitheacha, Dé Luain.

Chuir an Taoiseach síos air mar ‘ócáid mhór’ do léiriúchán teilifíse in Éirinn, a dúirt sé atá suite go foirfe le bheith ina lárionad domhanda don teilifís réaltachta.

‘Le blianta beaga anuas tá borradh tagtha ar an earnáil atá ag teacht le hinfheistíocht thar na bearta ó Fox Entertainment agus os cionn 300 post sa tionscal cruthaitheach,’ a dúirt an tUasal Varadkar.

I measc na seónna a léiríodh in Éirinn le déanaí tá Beat Shazam, Name That Tune agus Don’t Forget the Lyrics.

In 2021, rinne Fox Alternative Entertainment, i gcomhpháirtíocht le BiggerStage, an clár comórtais éagsúlachta The Big Deal le haghaidh Virgin Media Television.

Ar Mí na Nollag seo caite, rinne Bento Box Entertainment, stiúideo beochana a bhuaigh Gradam Emmy ó Fox Entertainment agus Boulder Media, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, comhaontú seirbhísí léiriúcháin do raon de shraitheanna beochana príomh-ama, lena n-áirítear greannáin Fox Krapopolis agus Grimsburg.

Leag measúnú tionchair eacnamaíoch a rinne PWC le déanaí béim ar an deis atá ann do tháirgeadh neamhscríofa a bheith ina thionscal €300 milliún-€500 milliún ag seachadadh na céadta post agus ag tiomáint infheistíocht i scileanna, oiliúint, bonneagar agus forbairt réigiúnach, dá gcuirfí an spreagadh fhioscach (fiscal incentive) cheart i bhfeidhm.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram